Máire Ní Aodáin
Staraí, gníomhaí teanga, oideachasóir agus feimineach ab ea Máire Ní Aodáin nó Mary Hayden (19 Bealtaine 1862 – 12 Iúil 1942), an chéad Ollamh le Nua-Stair i gCOBÁC,[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1862 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 1942 79/80 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Ríoga na hÉireann (–1887) Coláiste Alexandra |
Gníomhaíocht | |
Gairm | staraí, gníomhaí ar son cearta vótála, sufraigéid |
Fostóir | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ollamh |
Teangacha | Béarla |
Staraí
cuir in eagarChuir Úna Ní Fhaircheallaigh ina luí ar Mháire Ní Aodáin iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Shinsearach na hOllscoile Ríoga, mar iarracht dúshlán a thabhairt don tuairim go raibh scoláirí ban neamh-incháilithe le haghaidh dámhachtainí den sórt sin.
Foilsíodh 'A short history of the Irish people from the earliest times to 1920' le Mary Hayden and George Moonan sa bhliain 1921, an leabhar staire ba mhó díolachán riamh in Éirinn.[2] Ba é an téacsleabhar oifigiúil sna meánscoileanna é ar feadh breis agus 30 bliain.[3]
Sufraigéid
cuir in eagarI Samhain 1915, bhunaigh Mary Hayden, in éineacht le Mary Louise Gwynn, an Cumann Caitliceach um Cheart Vótála do Mhná.[4]
Oideachasóir
cuir in eagarBhí Hayden an-díograiseach ag cur oideachais do mhná chun cinn. I 1902, in éineacht le Úna Ní Fhaircheallaigh, chabhraigh sí leis an gCumann Céimithe na mBan agus Ábhair Chéimithe a bhunú, d’fhonn comhdheiseanna san oideachas ollscoile a chur chun cinn.
Bhí Hayden ina stiúrthóir ar Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann.
Gníomhaí Gaeilge =
cuir in eagarBhí dúil ag Hayden in athbheochan na Gaeilge. Ba bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge í. Foilsíodh i 1910 a leabhrán 'Facts about the Irish language and the Irish language movement'.[5]
Deirtear gurbh í an cara mná ba mhó ag an bPiarsach í. Bhí sí ina stiúrthóir aige ar bhord Scoil Éanna.
Saol pearsanta
cuir in eagarNíor phós Hayden riamh. Bhí sí geallta le Arthur Conan (1866-1903). Bhí seisean i ndrochshláinte agus d’éag sé san Afraic Theas ar an 13 Lúnasa 1903.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Mary Hayden (1862–1942), historian and feminist". History Ireland (2013-03-03). Dáta rochtana: 2020-11-05.
- ↑ "A Short History of the Irish People. Part I. From the Earliest Times to 1603. Part II. From 1603 to 1924." (en). www.naughtonsbooks.com. Dáta rochtana: 2020-11-05.
- ↑ "NÍ AODÁIN, Máire (1862–1942)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-11-05.
- ↑ centenaries.ucd.ie (2016). "Decade of Centenaries". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Mary Hayden (1920). "Facts about the Irish language and the Irish language movement: Issued by the Gaelic League of Ireland for the information of the members of the Irish Home-Going Association and of other visitors". www.amazon.com. Dáta rochtana: 2020-11-05.