Moya Brennan
Is ceoltóir Éireannach í Máire Ní Bhraonáin nó Moya Brennan. Saolaíodh í ar an 4 Lúnasa 1952 i nGaoth Dobhair, Dún na nGall.
Moya Brennan | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Gaoth Dobhair, 4 Lúnasa 1952 (70 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | Éire |
Muintir | |
Athair | Leo Ó Braonáin |
Siblíní | liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater | Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | ceoltóir, amhránaí, cumadóir amhrán, cláirseoir, daonchara, cumadóir, giotáraí agus léiritheoir ceirníní |
Duaiseanna | |
Ballraíocht | Clannad |
Gluaiseacht ealaíne | ceol na hAoise Nua |
Cineál gutha | contralt |
Uirlis cheoil | cláirseach ceol gutha |
Lipéad ceoil | Bertelsmann Music Group Atlantic Records |
IMDb | nm1198998 |
moyabrennan.com | |
Discogs ID | 10932 agus 1054836 |
moyabrennan | |
moyaclannad |
BeathaisnéisCuir in Eagar
Ina cuid ceoil, ní raibh Moya ariamh sásta an gnáth stíl traidisiúnta, socúil, compordach a leanúint. Bhíodh sí ag seinm mar pháiste sna hallaí damhsa lena athair Leo, bhí sí meallta ag na glórthaí a leithéidí Joni Mitchell agus na Beach Boys, sular bheartaigh sí fhéin, in éineacht lena grúpa Clannad, ar aistear diamhrach ag baint úsáid as stair saibhir agus ceol fonnmhar Ceilteach ona dúchas.
Bhí Moya i gcónaí dírithe go dian ar a cuid oibre a rith a haistear éagsúil trí hallaí scoile, clubanna ceoil traidisiúnta, féilte, dioscóanna, tithe pobail agus na hallaí ceolchoirmeacha is cáiliúla sa domhain. Téann áilleacht a ceol agus cumhacht a fuaimeanna go smior san éisteoir. Go ciúin, gan stad gan staonadh, tá a cuid amhráin agus ceol ag déanamh athfhorbairt ar cheoil Gaelach.
DioscliostaCuir in Eagar
- Máire, (1992)
- Misty Eyed Adventures, (1994)
- Perfect Time, (1998)
- Whisper To The Wild Water, (1999)
- New Irish Hymns, (2002) (le Joanne Hogg agus Margaret Becker)
- Two Horizons, (2003)
- Óró - A Live Session, (2005)
- An Irish Christmas, (2005)
- Signature, (2006)
- Heartstrings, (2008)
- Canvas, (2017)