MTV Unplugged in New York

Albam beo ón bhanna rac-cheol (nó grúinse) Meiriceánach Nirvana é MTV Unplugged in New York, agus an ceann deireanach a thaifead siad nuair a bhí Kurt Cobain fós beo. Taifeadadh an ceirnín i gCathair Nua-Eabhrac ar an 18 Samhain 1993 mar chuid den tsraith MTV Unplugged, an clár mór le rá ar an stáisiún ceoil MTV. Seó fuaimiúil a bhí ann, ina sheinn an grúpa roinnt amhráin as na ceirníní a bhí seolta acu os comhair lucht féachana beag.

WD Bosca Sonraí AlbamMTV Unplugged in New York
Cineálalbam beo
EalaíontóirNirvana
Eisithe1 Samhain 1994
TaifeadtaSony Music Studios (en) Aistrigh
Seánrarac malartach, ceol acústach, grúinse agus rac-cheol tíre
Fad3,230
TeangaBéarla
LipéadDGC Records
LéiritheoirScott Litt
Formáidceol sruthaithe agus díreach chuig físeán
Seasamh sna cairteacha
Croineolaíocht
albaim de chuid Nirvana in ord croineolaíoch
In Utero
(1993)
Spotify: 1To7kv722A8SpZF789MZy7 Discogs: 22433 Allmusic: mw0000118886 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhain Nirvana geit as MTV agus an lucht féachana nuair a thóg siad an banna doiléir Meat Puppets suas ar an ardán leo, chun cúpla amhrán a chasadh. Chomh maith le sin, níor sheinn siad a lán de na hamhráin cháiliúla a bhí acu ag an am, ach ábhar gan iomrá ó cheoltóirí eile ar nós David Bowie, Leadbelly agus The Vaselines.

Níor eisíodh ach ceann amháin de na rianta mar shingil, an t-amhrán About a Girl a shroich barr na gcairteacha i Meiriceá.

Clár cuir in eagar

  1. About A Girl 3:37
  2. Come As You Are 4:13
  3. Jesus Doesn't Want Me for a Sunbeam 4:37
  4. The Man Who Sold The World 4:20
  5. Pennyroyal Tea 3:40
  6. Dumb 2:52
  7. Polly 3:16
  8. On a Plain 3:44
  9. Something in the Way 4:01
  10. Plateau 3:38
  11. Oh, me 3:26
  12. Lake of Fire 2:55
  13. All Apologies 4:23
  14. Where Did You Sleep Last Night 5:08

Tagairtí cuir in eagar