Madra spóirt de phóir éagsúla is ea an madra dúiseachta, a saothraíodh chun géim a bhrath is a aimsiú. Seasann sé go docht mar a bheadh dealbh ann agus a shoc dírithe i dtreo an ainmhí creiche. Madra a saothraíodh i Sasana is ea an madra dúiseachta Sasanach. Níos airde ag na guaillí ná ag na geadáin, an soc fada domhain cuasach ag an mbarr, an t-eireaball barrchaol is iompartha beagnach cothrománach, an fionnadh gearr.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoi madra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.