María Teresa Toral
Ceimiceoir, cógaiseoir, ealaíontóir agus greanadóir Spáinneach ab ea María Teresa Toral.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Bealtaine 1911 Maidrid, An Spáinn |
Bás | 1994 82/83 bliana d'aois Maidrid, An Spáinn |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Mhaidrid |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceimiceoir, poitigéir, déantóir priontaí |
Fostóir | Instituto-Escuela |
Mac/iníon léinn de chuid | Enrique Moles Ormella |
Teangacha | An Spáinnis |
Beathaisnéis
cuir in eagarRugadh í i Maidrid i dteaghlach mór saibhir. Thosaigh sí ag déanamh staidéir ar an gceol agus ar an ealaín, mar a rinne a muintir roimpi, ach chuir sí iontas ar go leor nuair a chinn sí dul leis na hEolaíochtaí. Ba é mian a croí staidéar a dhéanamh ar an gceimic, agus conair Marie Curie a leanúint, duine a raibh meas mór aici uirthi. Rinne sí staidéar ar na hEolaíochtaí Ceimiceacha agus na hEolaíochtaí Cógaisíochta in Ollscoil Lárnach Mhaidrid (Ollscoil Mhaidrid mar a tugadh uirthi ina dhiaidh sin), áit ar bhain sí céim chéadonóracha amach sa bhliain 1933.
Bhí sí ina cúntóir i ranganna praiticiúla Enrique Moles agus leis bhog sí go Rannóg na Ceimice-na Fisice in Institiúid Náisiúnta na Fisice agus na Ceimice. Le chéile rinne siad dianobair taighde ag iarraidh meáchain adamhacha na ndúl ceimiceach a oibriú amach. Measadh go hidirnáisiúnta gurbh í foireann Enrique Moles, ar a dtugtaí “Escuela de Madrid”, an tsaotharlann is fearr chun meáchain mhóilíneacha agus adamhacha a oibriú amach go fisiciceimiceach.[1]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Magallón Portolés, Carmen (2005 (2ú heagrán)). "Pioneras españolas en las Ciencias. Las mujeres del Instituto Nacional de Física y Química.". ISBN 978-84-00-07773-3.