Marie Curie
Ceimicí is fisicí a saolaíodh i Vársá na Polainne ab ea Marie Salomea Skłodowska Curie (7 Samhain 1867-4 Iúil 1934). Phós sí an t-eolaí Francach Pierre Curie (1859-1906) i 1895.
Rinne an bheirt taighde ar chriostalghrafaíocht, písileictreachas is radaighníomhaíocht, ar úráiniam a fuarthas in ocsaíd úráiniam ar dtús. D'fhionn siad dhá dhúil nua a bhí radaighníomhach, polóiniam is raidiam, i 1898.
Bhuaigh siad beirt Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1898, in éineacht le Becquerel, as an obair ar radaighníomhaíocht.
Bhuaigh Marie féin Duais Nobel na Ceimice i 1911 as a héacht in ullmhú an raidiam mhiotalaigh. Fuair sí bás ó leoicéime, agus tá sé beagnach cinnte gur toradh ar a nochtadh fada don radaíocht inianaíoch ó na dúile radaighníomhacha seo a bhí ann.
TagairtíCuir in Eagar
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |