Scríbhneoir, léirmheastóir ceoil, teoiriceoir polaitiúil agus cultúrtha, fealsamh, agus múinteoir Sasanach ab ea Mark Fisher (11 Iúil 1968 – 13 Eanáir 2017), ar a dtugtar k-punk freisin, a leasainm blagála. D'oibrigh sé i Roinn na bhFíschultúr in Goldsmiths, Ollscoil Londain. Bhain sé cáil amach ar dtús as a chuid blagála mar k-punk go luath sna 2000idí, agus bhí aithne fhorleathan air as a chuid scríbhneoireachta ar an bpolaitíocht radacach, ar an gceol, agus ar an bpopchultúr.

Infotaula de personaMark Fisher

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Iúil 1968
Leicester, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Eanáir 2017
48 bliana d'aois
Felixstowe, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaMarxachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Hull
Ollscoil Warwick Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreGníomhaíocht liteartha, léirmheastóireacht ceoil, cultúreolaíocht, fealsúnacht agus polaitíocht
Gairmscríbhneoir, criticeoir ceoil, múinteoir ollscoile, fealsamh, teoiricí, blagálaí, scoláire staidéir chultúrtha Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirGoldsmiths, University of London Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach

Musicbrainz: 499e6675-10d4-4c34-b187-5fa4dc68cfb9 Discogs: 2727376 Cuir in eagar ar Wikidata

D’fhoilsigh Fisher roinnt leabhar, ina measc, Capitalist Realism: Is There No Alternative? (2009), agus d'fhoilsigh sé altanna in The Wire, Fact, New Statesman agus Sight & Sound. Bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar Zero Books, agus ina dhiaidh sin ar Repeater Books. Chuir sé lámh ina bhás féin i mí Eanáir 2017, go gairid roimh fhoilsiú The Weird and the Eerie (2017).

Luathshaol agus oideachas cuir in eagar

Rugadh Fisher i Leicester agus tógadh é i Loughborough do thuismitheoirí coimeádacha den lucht oibre; b'innealtóir a athair agus glantóir a mháthair. D’fhreastail sé ar an scoil chuimsitheach áitiúil. D'imir an preas ceoil iarphunc ag deireadh na 1970idí tionchar mór ar Fisher, go háirithe páipéir ar nós NME a chumaisc an ceol leis an bpolaitíocht, an scannánaíocht, agus scríbhneoireacht ficsin.[1] Bhí suim aige freisin sa ghaol idir cultúr an lucht oibre agus sacar — bhí sé i láthair ag tubaiste Hillsborough sa bhliain 1989.[2] Bhain Fisher céim Bhaitsiléara Ealaíon amach sa Bhéarla agus san Fhealsúnacht in Ollscoil Hull (1989), agus chríochnaigh sé PhD in Ollscoil Warwick sa bhliain 1999 le tráchtas dar teideal Flatline Constructs: Gothic Materialism and Cybernetic Theory-Fiction. Le linn an ama seo, bhí Fisher ar dhuine de bhunaitheoirí an chomharghrúpa idirdhisciplínigh an Cybernetic_Culture_Research_Unit (an tAonad Taighde ar Chultúr Cibirniteach), a raibh baint aige le smaointeoireacht pholaitiúil luasghéarachais agus le hobair na bhfealsúna Sadie Plant agus Nick Land.[1][3] Rinne sé cairdeas le, agus d'imir sé tionchar ar an léiritheoir Kode9, duine a bhunaigh an lipéad ceoil Hyperdub níos déanaí.[4] Go luath sna 1990idí, rinne sé ceol mar bhall den ghrúpa teicneo D-Generation, a d'eisigh an ceirnín 12" Entropy in the UK (Eantrópacht sa Ríocht Aontaithe).[4][5]

Tar éis tréimhse ag múineadh i gcoláiste breisoideachais,[6] thosaigh Fisher a bhlag ar theoiric chultúrtha, k-punk, in 2003.[7] Rinne an léirmheastóir ceoil Simon Reynolds cur síos ar an mblag mar “iris aonfhir atá níos fearr ná an chuid is mó d’irisí sa Bhreatain”[8] agus mar chroílár “réaltbhuíon blaganna” a phléigh popchultúr, ceol, scannánaíocht, polaitíocht, agus teoiric chriticiúil. Rinne an iris Vice cur síos ar a chuid scríbhneoireachta ar k-punk mar “soiléir agus suntasach, ag breathnú ar an litríocht, ar an gceol, agus ar na scannáin a bhfuil aithne againn orthu, agus ag nochtadh a rúndiamhra gan stró.”[9] Bhain Fisher úsáid as an mblag mar ionad scríbhneoireachta níos solúbtha, mar fhaoiseamh ó na srianta agus na caighdeáin a bhaineann leis an scríbhneoireacht acadúil.[10] Bhunaigh Fisher an clár teachtaireachtaí Dissensus i gcomhar leis an scríbhneoir Matt Ingram freisin.[1]

Gairm cuir in eagar

Ina dhiaidh sin, bhí Fisher ina chomhalta cuartaíochta agus ina léachtóir ar an gCluaschultúr agus ar an bhFíschultúr i gColáiste Goldsmiths, ina eagarthóir ag Zero Books, ina chomhalta de bhord eagarthóireachta Interference: A Journal of Audio Culture, ina eagarthóir ar an tsraith Speculative Realism de chuid Cló Ollscoil Dhún Éideann, agus ina leas-eagarthóir gníomhach ag The Wire.[11] In 2009, chuir Fisher The Resistible Demise of Michael Jackson in eagar, bailiúchán aistí criticiúla ar ghairm agus ar bhás Michael Jackson, agus d'fhoilsigh sé Capitalist Realism: Is There No Alternative?, anailís ar éifeachtaí idé-eolaíochta an neoliobrálachais ar an gcultúr comhaimseartha.

Rinne Fisher cáineadh luath ar an gcealchultúr, agus in 2013 d’fhoilsigh sé aiste chonspóideach dar teideal “Exiting the Vampire Castle”.[12][13] D'áitigh sé gur chruthaigh an cealchultúr spás “ina bhfuil an dlúthpháirtíocht dodhéanta, ach ina bhfuil an chiontacht agus an eagla uileláithreach”. D'áitigh Fisher freisin go dtugann cealchultúr tús áite do cháineadh daoine aonair in áit déileáil le ceisteanna polaitíochta trí ghníomhaíocht chomhpháirteach.[14][15] In 2014, d’fhoilsigh Fisher Ghosts of My Life: Writings on Depression, Hauntology and Lost Futures, cnuasach aistí ar théamaí comhchosúla a breathnaíodh orthu trí phriosmaí an cheoil, na scannánaíochta agus na “haunteolaíochta” (Fraincis: l'hantologie, Béarla: hauntology, focal portmanteau ó “haunt” agus ”ontology”). In 2016, chuir Fisher díolaim chriticiúil ar an ré iarphunc in eagar i gcomhar le Kodwo Eshun agus Gavin Butt dar teideal Post-Punk Then and Now, arna fhoilsiú ag Repeater Books.[16]

Réalachas caipitlíoch cuir in eagar

Bhain Fisher athúsáid as an téarma “réalachas caipitlíoch” chun cur síos a dhéanamh ar “an tuiscint fhorleathan gurb é an caipitleachas an t-aon chóras polaitiúil agus eacnamaíoch inmharthana, agus nach féidir anois fiú córas malartach a shamhlú ina áit.”[17] D'fhorbair sé an coincheap seo ina leabhar Capitalist Realism: Is There No Alternative? (2009),[18] inar áitigh sé go soláthraíonn an téarma an cur síos is fearr ar an staid idé-eolaíoch ó mheath an Aontais Shóivéadaigh, ina dtugann loighic an chaipitleachais léargas ar theorainneacha an tsaoil pholaitiúil agus shóisialta, le héifeachtaí suntasacha ar an oideachas, ar mheabhairghalar, ar phopchultúr, agus ar mhodhanna frithbheartaíochta.[18] Is é an toradh ná staid ina bhfuil sé “níos fusa deireadh an domhain a shamhlú ná deireadh an chaipitleachais.”[19]

An “Haunteolaíocht” cuir in eagar

Tharraing Fisher aird an phobail ar choincheap na “haunteolaíochta” a thug Jacques Derrida isteach i dtús báire chun cur síos a dhéanamh ar an mbealach ina bhfuil an cultúr comhaimseartha céasta (“haunted”) ag “todhchaithe caillte” an nua-aoiseachais — todhchaithe nár tharla nó a cuireadh ar ceal de bharr an iar-nua-aoiseachais agus an nualiobrálachais.[20] Tharraing Foster agus údair eile aird ar thabhairt isteach córas eacnamaíochta iar-Ford ag deireadh na 1970idí, rud a bhain, de réir a chéile agus go córasach, na hacmhainní d'ealaíontóirí a theastaigh uathu chun rudaí nua a chruthú.[21] I gcodarsnacht le cumha agus le paistís íorónta an chultúir iar-nua-aoiseach, shainmhínigh Fisher ealaín haunteolaíochta mar iniúchadh ar na constaicí seo a léirigh "diúltú éirí as dúil sa todhchaí" agus “cumha i ndiaidh todhchaí nár tháinig riamh”.[22]  

D'athchóirigh Fisher agus an léirmheastóir Simon Reynolds coincheap Derrida chun cur síos a dhéanamh ar threocht ceoil i lár na 2000idí.[23] Scrúdaigh an leabhar Ghosts of My Life na smaointe seo trí fhoinsí cultúrtha, mar shampla ceol de chuid Burial, Joy Division, agus an lipéad Ghost Box, sraitheanna teilifíse ar nós Sapphire & Steel, scannáin Stanley Kubrick agus Christopher Nolan, agus úrscéalta David Peace agus John le Carré.

Bás cuir in eagar

Chroch Fisher é féin ina theach ar King Street, Felixstowe, ar 13 Eanáir 2017, go gairid roimh fhoilsiú a leabhair is déanaí The Weird and the Eerie (2017). Lorg sé cúram síciatrach sna seachtainí roimh a bhás, ach ní raibh a dhochtúir teaghlaigh in ann níos mó ná cruinnithe gutháin a thairiscint chun speisialtóir a mholadh. Chuaigh meabhairshláinte Fisher in olcas ó mhí na Bealtaine 2016, agus tugadh isteach in Ospidéal Ipswich é i mí na Nollag 2016 mar gheall ar ródháileog is dócha.[24] Phléigh sé a streachailt leis an dúlagar in altanna[25] agus ina leabhar Ghosts of My Life. Dar le Simon Reynolds in The Guardian, d’áitigh Fisher “nach féidir an phaindéim chrá intinne a ghoilleann ar ár linn-ne a thuiscint i gceart, ná a leigheas, má bhreathnaítear uirthi mar fhadhb phríobháideach a fhulaingíonn daoine aonair damáistithe.” [26]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Reynolds, Simon (18 Eanáir 2017). “Opinion: Mark Fisher's K-punk blogs were required reading for a generation”. The Guardian.
  2. Niven, Alex (19 Eanáir 2017). "Mark Fisher, 1968-2017". Jacobin. Dáta rochtana: 28 Eanáir 2021.
  3. Fisher, Mark (1 Meitheamh 2011). “Nick Land: Mind Games”. Dazed.
  4. 4.0 4.1 Mark Fisher 1968–2017”. The Wire. Dáta rochtana: 20 Samhain 2018.
  5. Reynolds, Simon. "D-Generation". Melody Maker. Dáta rochtana: 20 Samhain 2018.
  6. Fisher, Mark (Geimhreadh 2013). "Capitalist Realism and Neoliberal Hegemony: A Dialogue". New Formations (80–81): 89–101 (at p. 90). doi:10.3898/neWF.80/81.05.2013. 
  7. Mark Fisher”. Zer0 Books.
  8. Reynolds, Simon (18 Eanáir 2017). “Opinion: Mark Fisher's K-punk blogs were required reading for a generation”. The Guardian. “a one-man magazine superior to most magazines in Britain”
  9. Koshy, Yohann (20 Feabhra 2017). “The Revolution Will Be Weird and Eerie”. Vice. Dáta rochtana: 28 Feabhra 2018. “lucid and revelatory, taking literature, music and cinema we're familiar with and effortlessly disclosing its inner secrets”
  10. Braithwaite, Phoebe (11 Lúnasa 2020). "Mark Fisher's Popular Modernism". Jacobin Magazine.
  11. Fisher, Mark, Goldsmiths, University of London”. gold.ac.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Meitheamh 2015. Dáta rochtana: 2015-08-01.
  12. Fisher, Mark (22 Samhain 2013). “Exiting the Vampire Castle”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 Feabhra 2018.
  13. Exiting the Vampire Castle”. openDemocracy. Dáta rochtana: 2020-11-30.
  14. Vansintjan, Aaron. (29 October 2017) "Beyond Bloodsucking" Curtha i gcartlann 2018-11-23 ar an Wayback Machine, openDemocracy, Retrieved 23 November 2018.
  15. Izaakson, Jen. (12 August 2017)‘Kill All Normies’ skewers online identity politics Feminist Current. Retrieved 23 November 2018.
  16. Mankowski, Guy. "Post-Punk Then and Now: a review", 3:AM magazine, 22 December 2016.
  17. Fisher, Mark (2010). "Capitalist Realism: Is There No Alternative?": 2. Winchester, UK: Zero Books. “the widespread sense that not only is capitalism the only viable political and economic system, but also that it is now impossible even to imagine a coherent alternative to it” 
  18. 18.0 18.1 Mark Fisher, Capitalist Realism: Is There No Alternative? (Winchester, UK; Washington [D.C.]: Zero, 2009); ISBN 978-1-84694-317-1 (pbk.); 1846943175 (pbk.).
  19. Fisher, Mark (2010-01-01). "Capitalist realism : is there no alternative?". Zero Books. ISBN 9781846943171. OCLC 699737863. “easier to imagine an end to the world than an end to capitalism.” 
  20. Mark Fisher – The Metaphysics of Crackle: Afrofuturism and Hauntology”.
  21. The Metaphysics of Crackle: Afrofuturism and Hauntology”.
  22. Stone Blue Editors (11 Meán Fómhair 2015). "William Basinski: Musician Snapshots": Chapter 3. SBE Media. 
  23. Albiez, Sean (2017). "Bloomsbury Encyclopedia of Popular Music of the World, Volume 11": 347–349. Bloomsbury. ISBN 9781501326103. Dáta rochtana: 10 Eanáir 2020. 
  24. "Renowned writer and K-Punk blogger Mark Fisher from Felixstowe took own life after battle with depression", Ipswich Star, 18 July 2017
  25. E.g. "Why mental health is a political issue" by Mark Fisher, The Guardian, 16 July 2012
  26. Reynolds, Simon (18 Eanáir 2017). “Opinion: Mark Fisher's K-punk blogs were required reading for a generation”. The Guardian. “the pandemic of mental anguish that afflicts our time cannot be properly understood, or healed, if viewed as a private problem suffered by damaged individuals.”