Martin O'Malley
Polaiteoir Meiriceánach is ea Martin Joseph O'Malley, a rugadh in Washington, D.C. ar 18 Eanáir 1963. Ball den Pháirtí Daonlathach atá ann. Bhí sé ina ghobharnóir ar Maryland (2007–2015) agus roimhe sin ina mhéara ar Baltimore (1999–2007). Ar 30 Bealtaine 2015, d'fhógair sé go raibh sé ag iarraidh ainmniúcháin an Pháirtí Dhaonlathaigh a fháil sa todhchán uachtaránachta sa bhliain 2016.
Bíonn seasamh liobrálach aige maidir le ceisteanna polaitiúla.
Luathshaol
cuir in eagarRugadh Martin O'Malley ar 19 Eanáir 1963 in Washington, D.C., do Barbara (née Suelzer) agus Thomas Martin O'Malley. Dlíodóir cosanta ab ea Thomas i gContae Montgomery, Maryland, agus ansin leas aturnae do na Stáit Aontaithe i gCeantar Columbia. Tá Martin de shliocht Éireannach ar thaobh a athar agus de shliocht Éireannach, Ghearmánach, Dhúitseach agus Albanach ar thaobh a mháthar. Throid duine dá shinsear i gCogadh na Bliana 1812.
D'fhreastail O'Malley ar Our Lady of Lourdes School i mBethesda agus Gonzaga College High School. Chuaigh sé ina dhiaidh sin go hOllscoil Chaitliceach Mheiriceá mar ar bhain sé céim bhaitsiléara amach sa bhliain 1985. Bronnadh céim Juris Doctor air sa bhliain 1988 i Scoil Dlí Ollscoil Maryland.
Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |