Marty Walsh

polaiteoir as Bostún, SAM

Is polaiteoir Meiriceánach é Marty Walsh (a rugadh ar 10 Aibreán 1967). Is ball den Pháirtí Daonlathach é. Rinne Marty Walsh éacht agus an Mhéaracht Bhoston a bhuachan faoi dhó, in 2013 agus in 2017.[1]

Infotaula de personaMarty Walsh

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Martin Joseph Walsh
Beathaisnéis
Breith10 Aibreán 1967
56 bliana d'aois
Dorchester, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Designated survivor (en) Aistrigh
7 Feabhra 2023 – 7 Feabhra 2023
Rúnaí Saothair na Stát Aontaithe
23 Márta 2021 – 11 Márta 2023
← Al Stewart (en) Aistrigh
Méara Bhostúin
6 Eanáir 2014 – 22 Márta 2021
← Thomas MeninoKim Janey (en) Aistrigh →
Ball de Theach Ionadaithe Massachusetts
1997 – 2014 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Bhostúin - Baitsiléir Ealaíon (–2009)
The Newman School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Áit chónaitheMassachusetts
Bostún
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Bostún Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
16 Eanáir 2023Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
7 Eanáir 20092009-2010 Massachusetts legislature (en) Aistrigh
2001-2002 Massachusetts legislature (en) Aistrigh
1999-2000 Massachusetts legislature (en) Aistrigh
2003-2004 Massachusetts legislature (en) Aistrigh
2007-2008 Massachusetts legislature (en) Aistrigh
2005-2006 Massachusetts legislature (en) Aistrigh
1997-1998 Massachusetts legislature (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmartywalsh.org Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: VoteMartyWalsh Twitter: marty_walsh Instagram: boston_mayor Cuir in eagar ar Wikidata
2005

Saol cuir in eagar

 
2010
 
 
2015

Muintir cuir in eagar

Is as Ros Muc, i gConamara in Éirinn, iad a mhuintir. Is mac é Marty Walsh le John Walsh, nó John Mháirtín Tom as Caladh Mhaínse, Carna, nach maireann, agus Mary Walsh, nó Mary Joe Pheadair Uí Mháille, as Ros Cíde, Ros Muc.[2]

Chuaigh siad beirt ar imirce go Meiriceá, áit ar rugadh Walsh féin.[3][4] Ba é an ceannasaí iomráiteach ceardchumainn, Pádraig Mháirtin Tom – Pat Walsh –a uncail.

Rugadh agus a tógadh Marty Walsh i gceantar Dorchester, Boston. Cónaíonn a mháthair, Mary in Dorchester i gcónaí.

Tá go leor daoine muintearthacha idir na Breathnaigh (as Caladh Mhaínse i gCarna) agus a ghaolta as Ros Muc in Boston.

Ceardchumannachas cuir in eagar

Bhí Walsh ina bhall de Cheardchumann na nOibrithe tógála, a raibh a uncail Pat i gceannas air, ó bhí sé ina dhéagóir agus d’oibrigh sé féin ar na láithreáin tógála ina óige.[5]

Bhí Walsh ina cheannaire ar chónaidhm na gceardchumann tógála agus ceirde uilig i mBoston, ó 2011 go dtí 2013, sular toghadh é ina Mhéara.  

Méara cuir in eagar

Bhí Martin Walsh insealbhaithe mar mhéara Bhoston ar an 6 Eanáir 2014. Bhí sé mar mhéara ar Bhoston, Massachusetts idir 2014 agus 2021. Toghadh an polaiteoir de chuid na nDaonlathach ina mhéara ar Bhoston den chéad uair i Samhain 2013 agus atógadh é sa phost sin, le beagnach 65% den vóta, in 2017. D’éirigh leis ceangal a chothú idir aicmí go leor ina chuid feachtas – an pobal den chine dubh, muintir na hÁise agus tuilleadh.[1]

Sheas Walsh go láidir le himirceoirí agus bhí sé fabhrach le mionlaigh ar bhonn creidimh agus inscne agus ar cheisteanna eile a gcuirfí an branda ‘liobrálach’ orthu. Mar shampla, d'fhógair Walsh sa bhliain 2017 go mbeadh Bhoston ina áit shábháilte ag imircigh mídhleathacha atá ag maireachtáil faoi eagla faoi réimeas slándála an Uachtaráin Trump.

Le linn fheachtas Walsh in Boston, cuireadh chun cinn é mar dhuine a raibh dul chun cinn eacnamaíochta ar cheann de na clocha móra ar a phaidrín.[1]

Bhí Walsh i gcroílár scannán faisnéise faoi riaradh na cathrach sa bhliain 2020, an scannán City Hall.[6] Tá Marty Walsh páirteach i go leor de radharcanna an scannáin.[7]

Ag searmanas cathartha i gCathair na Gaillimhe sa bhliain 2018, bronnadh saoirse na cathrach ar Mhéara Bhoston Marty Walsh.[8]

insealbhú Walsh ar 23 Márta 2021 mar Rúnaí Saothair na Stát Aontaithe

Rúnaí Saothair cuir in eagar

 
airí rialtais Biden
Físeán : Marty Walsh & Gina McCarthy, 2021

Dlúthchairde iad Marty Walsh agus Joe Biden. Mar shampla, tháinig Biden in aon turas go Boston in Eanáir 2017 go mbeadh sé ina aoi speisialta ag insealbhú Walsh don dara téarma Méarachta sa gcathair.  Dúradh go forleathan ag an am go raibh baint mhór ag Walsh leis an mbua a bhí ag Joe Biden sna réamhthoghcháin Dhaonlathacha in Massachusetts. (Bhí tuairimíocht láidir ann tráth go raibh a shúil ag Marty Walsh ar thoghchán na hUachtaránachta).[8]

Fuair Walsh aitheantas mór náisiúnta nuair, ar 7 Eanáir 2021, ba é rogha Joe Biden mar Rúnaí Saothair na Stát Aontaithe. Bhí le Walsh déileáil le coinníollacha sábháilteachta agus sláinte oibrithe na tíre. Agus ceist an bhunphá in aghaidh na huaire d’oibrithe le láimhsiú (bhí iarracht ar bun le dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm).[9] Tugadh moladh mór do Walsh faoin gcaoi a ndearnadh stailc thraenach ar fud na Stát a sheachaint.

Sa bhliain 2023, bhí Cumann Imreoirí Haca na Stáit Aontaithe agus Cheanada sa tóir ar cheannasaí agus chuathas sa tóir ar Marty Walsh. Cuireadh tairiscint mhór os a chomhair – $3.5 milliún sa mbliain.

In 2024, bhí Walsh ainmnithe ag Joe Biden do shuíochán Gobharnóra sna seirbhísí náisiúnta poist (dualgas páirtaimseartha a bhaineann le jab an Ghobharnóra Poist).

Pearsanta cuir in eagar

Cónaíonn Marty Walsh agus a pháirtí, Lorrie, i Lower Mills in Boston agus caitheann sé corrthréimhse freisin sa teach atá acu in Cape Cod.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Máirtín Ó Catháin (2021). "An é Marty Walsh an Méara deireanach de shliocht na nGael in Boston?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.
  2. "Méara Boston Marty Walsh roghnaithe ag Joe Biden mar rúnaí saothair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.
  3. Maitiú Ó Coimín (2017). "Saoirse Chathair na Gaillimhe le bronnadh ar Mhéara Bhostúin Marty Walsh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.
  4. 7512931. "Ireland's Genealogical Gazette (August 2014)" (en). Issuu. Dáta rochtana: 2021-05-02.
  5. Máirtín Ó Catháin (2020). "Feachtas tosaithe ag ceardchumainn go mbeadh Marty Walsh ina Rúnaí Saothair i rialtas Joe Biden" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.
  6. Frederick Wiseman; Marty Walsh (2020-10-21). "City Hall". Ford Foundation - Just Films, ITVS, PBS. 
  7. Ciarán Ó Cualáin (2020). "Méara Boston Marty Walsh i gcroílár scannán faisnéise nua" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.
  8. 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2018-05-11). "Saoirse na Gaillimhe bronnta ar Marty Walsh" (as en). 
  9. Máirtín Ó Catháin (2020). "‘An taobh eile den doras againn féin – muintir Mhaigh Eo’ – Méara Boston ‘an-bhródúil’ as bua Biden" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.