Mary Mitchell O'Connor
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Dhún Laoghaire í Mary Mitchell O'Connor (Gaeilge: Máire Mistéil Ní Chonchubhair). Rugadh í ar 10 Meitheamh 1959. Is í an tAire ar son Ard-Oideachais í. Tá sí ina ball de Fhine Gael ón mbliain 2007 ach bhí ina Comhairleoir Áitiúil leis an bPáirtí Daonlathach roimhe sin.
Mary Mitchell O'Connor | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||
Márta 9, 2011 - Feabhra 3, 2016 Dúiche: Dún Laoghaire Toghchán: Olltoghchán na hÉireann 2011
Márta 10, 2016 - Eanáir 14, 2020 Dúiche: Dún Laoghaire Toghchán: Olltoghchán 2016 in Éirinn
Bealtaine 6, 2016 - Meitheamh 14, 2017 ← Richard Bruton - Frances Fitzgerald → | |||||||
Saol | |||||||
Eolas breithe | Baile an Mhuilinn, 10 Meitheamh 1959 (63 bliain d’aois) | ||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||
Oideachas | |||||||
Alma mater | Coláiste Dhún Carúin | ||||||
Gairm | |||||||
Gairm | polaiteoir | ||||||
Cleamhnú | |||||||
Páirtithe polaitíochta | Fine Gael | ||||||
marymitchelloconnor.com |
Dáil ÉireannCuir in Eagar
I Mí na Nollag 2010 roghnaíodh mar iarrthóir í do cheantar Dhún Laoghaire. Ar an 2 Márta 2011 chuir sí iontas ar go leor nuair a thiomáin sí síos céimeanna i gcarrchlós na Dála. Bhí sí tar éis dul in airde ar chuid de charrchlós ar rampa a cuireadh ann ar mhaithe leo siúd i gcathaoireacha rotha. Bhí roinnt iriseoirí ar an láthair agus tuairiscíodh an scéal ar Nuacht RTÉ na hoíche sin.
I rith seisiún Dála i Meitheamhna bliana 2011 rinne Mick Wallace TD tagairt di mar Miss Piggy. Spreag sí lá bándearg sa Dáil ina dhiaidh sin ar mhaithe le hailse na gcíoch.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |