Matt Hancock
Polaiteoir de chuid an Pháirtí Choimeádaigh sa Ríocht Aontaithe is ea Matthew John David Hancock. Rugadh é i Chester ar an 2 Deireadh Fómhair 1978.
Bhí Hancock ceaptha mar Rúnaí Sláinte na Breataine sa bhliain 2019.
Scannal
cuir in eagarD'éirigh Hancock as a chuid dualgas mar Rúnaí Sláinte i mí an Mheithimh 2021. Sárú ar fhorálacha Covid-19 faoi ndear é seo.[1] D'admhaigh Hancock féin gur sháraigh sé treoracha Covid-19 nuair a rug sé barróg ar dhuine dá chomhghleacaithe oifige.
Bhí leithscéal gafa ag Hancock as ucht a chuid iompar agus bhí glactha ag an bPríomh-Aire Boris Johnson leis an leithscéal. Ach lean an brú air agus faoi dheireadh, b'éigean dó éirí as a phost. Ghabh an tUasal Hancock leithscéal arís barróg a thug sé do chomhleacaí dá chuid. Bhraith sé gurbh fhearr dó seasamh i leataobh, a dúirt sé, 'ionas nach mbainfí ar aon bhealach ó obair an Rialtais agus é ag dul i ngleic le Covid'.[2]
Phós Hancock Martha Hoyer Millar, oistéapat, sa bhliain 2006 agus bhí triúr clainne acu. D'fhág sé a bhean chéile agus d'imigh le bean eile, Gina Coladangelo (agus triúr clainne aici),[3] timpeall an ama chéanna.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2021-06-26). "Rúnaí Sláinte na Breataine éirithe as" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-06-27). "Rúnaí nua Sláinte na Breataine ag cur tús lena chúram" (as ga).
- ↑ "Gina Coladangelo" (as en) (2021-06-27). Wikipedia.