Maurice Gibson
Tiarna Breitheamh na nAchomharc ar Thuaisceart Éireann idir 1977-1987 ba ea Sir Maurice Gibson, P.C. (1 Bealtaine 1913 – 25 Aibreán 1987).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Bealtaine 1913 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 27 Aibreán 1987 73 bliana d'aois Cillín, Northern Ireland |
Tiarna Breitheamh Achomhairc | |
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste Foras Ollscolach Bhéal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas |
D'éirigh Gibson Tiarna Breitheamh na nAchomharc sa bhliain 1977. Bhí sé ag obair fós mar bhreitheamh i mBéal Feirste in 1987, agus é 74 bliain d'aois.
Feallmharú
cuir in eagarFeallmharaíodh Gibson ar 25 Aibreán 1987 i gCillín, Contae Ard Mhacha, nuair a phléasc buama faoin gcarr ina raibh sé féin agus a bhean. Phléasc buama seiftithe cois bóthair de chuid an IRA.
Chuaigh imreoirí as Éirinn, ag taisteal ó dheas chun seisiún traenála, gar don bhás freisin mar go raibh a ngluaisteán siúd taobh le ceann an Bhreithimh nuair a phléasc an buama – charr amháin ag dul ó thuaidh agus an ceann eile ó dheas. Bhí Nigel Carr, Philip Rainey agus David Irwin sa charr, ainmnithe ar phainéal na n-imreoirí as Éirinn a bhí le dul chuig Corn an Domhain i 1987 chun na Nua-Shéalainne.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Gibson, Sir Maurice | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-09-04.
- ↑ Mártan Ó Ciardha (3 Meán Fómhair 2023). "Nuair a iompaíodh bunoscionn stair an rugbaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-04.
Is síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |