Meg Connery
Ba shufraigéid Éireannach í Meg Connery (1879-1956). Chuaigh sí ar stailc ocrais faoi dhó. Chaith sí go leor tréimhsí sa phríosún agus briseadh a srón agus í istigh sa phríosún.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1879 Cathair na Mart, Éire |
Bás | Nollaig 1956 76/77 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gníomhaí ar son cearta vótála |
Saol
cuir in eagarRugadh Margaret Connery née Knight i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo. Ba é Con Connery an fear céile aici agus phós siad agus í ina fichidí. Is beag eolas atá againn fúithi roimh a rannpháirtíocht san Irish Women 's Franchise League. D'oibrigh Connery le Hanna Sheehy-Skeffington agus ba leas-cathaoirleach an Irish Women's Franchise League í.
Tá cáil aici as a cuid gníomhaíochta, ag briseadh fuinneoga agus ag caitheamh clocha, chomh maith le léiriú polaitiúla, ag obair ar an Irish Citizen agus nuair a chuireadh i bpríosún í ar son na cúise. Tá clú áirithe uirthias an ngrianghraf a ghlacadh di ag tabhairt cóipeanna den Irish Citizen do Bonar Law agus do Sir Edward Carson.[2][3][4][5]
Príosúnacht agus léirithe
cuir in eagarNíor cheap Connery go mbeidh mná ag caitheamh a gcuid vótaí i mbealach difriúil ná fir, nó go mbeidís ag baint úsáid as a vóta a chaitheamh i mbealach níos éifeachtaí. Bhí sí i gcoinne an caighdeáin dúbailte a tharla idir mná agus fir. Scríobh sí faoin ábhar sin san Irish Times níos mó ná uair amháin.[2][3][6][7][8][9][10][11]
In Ireland, as elsewhere, public morals must continue in an unhealthy state while we tolerate the shameful double moral standard
Cé go raibh sí curtha i bpríosún go rialta le haghaidh scriosadh maoine bhí Connery go hiomlán i gcoinne úsáid foréigin chun an vóta a fháil. Cuireadh i bpríosún í ar feadh seachtaine i mí na Samhna 1911 tar éis léiriú agus cuireadh arís í i mí na Samhna 1912 nuair a bhí sí in éineacht leis an ngrúpa a bhris fuinneoga ag Teach an Chustaim. I 1912 rinne sí trasnáil ar Winston Churchill. I 1914 d'eagraigh Connery na chéad óráidí ar ceart vótála na mban i Longfort, Liatroim agus Ros Comáin. I mí Eanáir 1913 bhris sí fuinneoga Chaisleán Bhaile Átha Cliath arís agus gabhadh í, agus an uair seo chaith sí mí i bpríosún. Le linn an ama seo, agus í i dTulach Mhór, chuaigh na mná ar stailc ocrais mar chuid den a n-éileamh le bheith caite mar phríosúnaigh pholaitiúla. D'fhulaing ceann de na príosúnaigh eile, Hoskins, as cliseadh croí agus scaoileadh í. D'éirigh leis na mná eile. Chaill Connery leanbh i mí Meithimh 1914. As sin amach thosaigh a cuid sláinte ag dul in olcas.[2][3][6][7][8][9][10][11]
Bás agus cuimhne
cuir in eagarBhí sí beo bocht ag deireadh a saoil. Ní raibh leanaí aici agus d'imigh a deartháireacha agus deirfiúracha go Meirceá. Cuireadh Meg agus a fear céile, Con, in uaigh gan leacht i Reilg Chnocán Iaróm i gCrois Araild sna caogaidí.[1]
Tuilleadh léitheoireachta
cuir in eagar- "Violence Ridicule and Silence - Google Arts & Culture" (en). Google Cultural Institute. Dáta rochtana: 2018-12-12.Violence Ridicule and Silence - Google Arts & Culture" (en). Google Cultural Institute. Dáta rochtana: 2018-12-12.
Tagairtí agus foinsí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-04-05). "Meg Connery: leacht nochtaithe ag a huaigh i gCnócán Iaróm" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Cambridge University Press.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Dublin City Council 1913.
- ↑ Moriarty 2013.
- ↑ History Ireland 2013.
- ↑ 6.0 6.1 Ryan & Ward 2018, p. 29.
- ↑ 7.0 7.1 Catalogue 1919.
- ↑ 8.0 8.1 Ward 2017.
- ↑ 9.0 9.1 Steele 2007, p. 179.
- ↑ 10.0 10.1 Luddy 1995, p. 277.
- ↑ 11.0 11.1 Reynolds 2007, p. 82.