Menachem Elon
Dlíodóir agus polaiteoir Iosraelach ab ea Menachem Elon (Eabhrais: מנחם אלון) (1 Samhain 1923 – 6 Feabhra 2013). Pearsa an-tábhachtach sa ghluaiseacht Mishpat Ivri ab ea Menachem Elon, gluaiseacht a bhíonn ag iarraidh dlí Stát Iosrael a athrú ó bhonn chun cloí leis an Halakha (an dlí Giúdach traidisiúnta).[1]
Saol
cuir in eagarCéimí de chuid Scoil Dlí agus Eacnamaíochta Tel Aviv (Ollscoil Tel Aviv faoi láthair) agus de chuid Ollscoil Eabhrach Iarúsailéim ab ea Elon.
Bhí postanna teagaisc sa dara institiúid ag Elon ó 1955 ar aghaidh agus bhí sé ina Ollamh leis an Dlí Giúdach ansin ó 1972. Ina theannta sin, thugadh sé comhairle d'oifig an Ard Aighne idir 1959 agus 1966 faoin gcomhréir idir dlíthe a bhí molta agus an Halakha.
Ceapadh ar Chúirt Uachtarach Iosrael Elon sa bhliain 1977 agus bhí sé sa phost sin go dtí 1993, agus é ina Leas-Uachtarán uirthi ar feadh na cúig bliana deiridh. Chuaigh sé isteach sa saol acadúil arís tar éis dó éirí as an gcúirt agus ba é an bunaitheoir agus an chéad stiúrthóir ar Choláiste Sha'arei Mishpat (Ionad Acadúil Eolaíocht an Dlí faoi láthair).
Agus Elon ina bhreitheamh, rinne sé iarracht tionchar an Halakha a leathnú níos faide ná na cúirteanna raibíneacha a dhéileálann le pósadh agus colscaradh na nGiúdach in Iosrael, ionas go mbeadh tionchar aige ar réimse níos mó den dlí sibhialta. Go pointe áirithe dá bharr sin, ba mhinic nach raibh sé ar aon fhocal leis an mBreitheamh Aharon Barak, a bhí ar an gCúirt Uachtarach ó 1978 go 2006 agus ina Uachtarán uirthi ó 1995 go 2006.
I bpíosa a scríobh sé sa bhliain 1998, bhreathnaigh An tOllamh Elon ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn an ghné dhaonlathach agus an ghné Ghiúdach de Stát Iosrael (cásanna ina dtugtar tús áite don dara gné ar an gcéad cheann san áireamh) i gcomhthéacs an dlí leighis.[2]
Polaitíocht
cuir in eagarIarrthóir ar son Likud agus a chuid comhghuaillithe d'uachtaránacht Iosrael sa bhliain 1983 ab ea Elon; is ar éigean a chaill sé an toghchán sin i gcoinne Chaim Herzog, dlíodóir Iosraelach ba mhó le rá eile, a rugadh in Éirinn.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Menachem Elon" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-06.
- ↑ Menachem Elon, The Values of a Jewish and Democratic State: The Task of Reaching a Synthesis, in ISRAEL AMONG THE NATIONS (Alfred E. Kellerman et al. eag., 1998).