Mervyn Taylor
Polateoir Éireannach as Baile Átha Cliath ab ea Mervyn Taylor (28 Nollaig 1931 – 23 Deireadh Fómhair 2021). Ina ghairmréim pholaitiúil, bhí sé ina Aire Rialtais (Aire Comhionannais agus Athchóirithe Dlí), ina Phríomh-Aoire, ina Chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre agus ina Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath.[1]
Gairm
cuir in eagarBhí Taylor ar dhuine de bhunaitheoirí na gluaiseachta chun an rochtain chéanna a bheith ag gach saoránach faoin dlí, agus ina dhiaidh sin bhí sé ar an gcéad Aire sa Roinn Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.
Cuimhneofar air as cuid den reachtaíocht a thug sé isteach, lena n-áirítear an tAcht um Fhoréigean Baile, bunú an Údaráis Náisiúnta Míchumais, agus ceadú reifreann an cholscartha.
Cuireadh páipéir de chuid Mervyn Taylor maidir leis an am a bhí sé ina Aire Comhionannais agus Athchóirithe Dlí[2] (1993-97) i dtaisce i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus tá léargas le fáil ansin ar an bpáirt a bhí aige mar an Aire a bhí freagrach as an leasú ar an mBunreacht agus as an Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996 a tháinig ina dhiaidh.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Office of the President of Ireland (2021). "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-10-11.
- ↑ "SWE 486 Solicitors meet Minister. Pictured (l-r) are Sharon Scally, Amory; Liam Parker, Amory; Helen Autochs; Mervyn Taylor, Minister for Equality and Law Reform." (English). source.southdublinlibraries.ie (1994). Dáta rochtana: 2021-10-11.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2016). "Colscaradh". Dáta rochtana: 2021.