Tír an Iúir

bruachbhaile de chuid Bhaile Átha Cliath

Is bruachbhaile é Tír an Iúir[1] (Béarla: Terenure ) i gContae Átha Cliath Theas, agus é ar an mbaile cónaithe is mó i mBaile Átha Cliath. Roimh an mbliain 1970 ní raibh ach cúpla céad duine ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir chathair Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lán tithe nua ann le linn na seachtóidí, áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach. Fuair Hugo Barnwell Tír an Iúir ón Rí Seán i 1215. Bhí Hugo agus a theaghleach ina gcónaí ann go dtí 1652, nuair a cailleann siad na tailte. Fuair Cromail Tír an Iúir agus na tailte sa bhliain 1654, agus léas sé iad go Maorsháirsint Eliott. Ag an am sin, bhí caisleán amháin ann, muileann amháin, agus sé tithe chomh maith i dTír An Iúir ina hiomláine. Bhí thart ar fiche daoine ina gcónaí ann, bhí daonra iontach beag i dTír in Iúir fadó. Bhí Tír an Iúir agus Camaigh ceangailte le chéile blianta ó shin, bhí an dá háiteanna nó baile ferainne le chéile mar áit chéanna amháin. Sa bhliain 1671, cheannaigh duine as an arm Chromail na tailte, le haghaidh £4000. Thionóil sé an caisleán go dtí teach tithe móra millteacha agus bhí siad ina ina chónaí ann go dtí 1789, nuair a dhíolter sé mórán de na tailte do Abraham Wilkinson.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilTír an Iúir

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 18′ 35″ N, 6° 17′ 07″ O / 53.3097°N,6.2853°W / 53.3097; -6.2853
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde54 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1412163

Tháinig muintir Shaw, clann mhór (as William Shaw), clann a bhí ag troid i measc na gCath na Bóinne, go dtí Baile Átha Cliath agus leás siad Teach Tír an Iúir i 1785. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, thóg Shaw cuid nua den teach, an chuid atá os comhair den Coláiste Tír an Iúir sa lá atá inniu ann. Tá an teach mór eile ar thaobh an bothair i Bushy Park. Thóg Arthur Bushe an teach sin timpeall an bhliain 1700. Tugtar Teach Bushe ar an chéad ainm ar an teach ar dtús agus bhí an teach mór roinnt tríd na glúnta i rith na mblianta. Cheannaigh John Hobson an teach sa bhliain 1722 agus d'athraigh sé an t-ainm chuig Bushy Park. Tar éis sin, sa bhliain 1791 cheannaigh Abraham Wilkisnon Bushy Park, agus bhí an chuid is mó den Tír an Iúr go ginearálta aige ag an am chomh maith. Thóg sé an áit go hiomlán, chomh maith le £10,000 do María, an iníon amháin a bhí aige. Bhí sí pósta le Robert Shaw Jnr. Fuair a hathair bhás agus fuair Robert Shaw an teach mar chuid den oidhreacht, i 1796.

Dhíol sé é sa bhliain 1806 le Fredrick Bourne, fear gnó saibhir a bhí ann. Bhí na Bournes ina gcónaí ann i dteach Thír an Iúir go dtí 1857 agus an an am sin bhí lán speís ar an áit ón phobal, bhí caill mhór ag an eastát maidir leis na radharcanna nádúrtha álainn, plandáil na bhforais agus na dtithe gloine. Ina theannta sin, bhí na tailte agus na pairceanna oscailte agus ar fáil le gach duine ag an deireadh seactaine.

Sa bhliain 1860, cheannaigh an tOrd Carmelite an mhoin, agus d'oscail siad é mar mheánscoil lán buachaillí, agus d'éirigh siad eaglais suas freisin i 1958.

Ainmneacha

cuir in eagar

Tagann an logainm “Tír an Iúir” ó na focail “tír” agus “iúr” (cineál crainn). Athraíodh an t-ainm i rith na mblianta. Is ea Tír an Iubair an chéad ainm a bhí ar an ceantar. Bhí Crois Thír an Iúir Terenure Cross (Vaughan's Corner) an teirminéal blianta ó shin le haghaidh na tramanna agus tá sé luaite i Ulysses ó James Joyce (caibidil 7, Aeolus)

Ainmneacha Stairiúla an Cheantair (https://www.logainm.ie/ga/55993)

 
Trambhealach
  • Tirneywer (1228)
  • Tyerenure (1326)
  • Tyrnure (1399)
  • Tyreneuyr (1534)
  • Tirenower (1534)
  • Tyrynore (1547)
  • Tirenouer
  • Tirenure
  • Tirrynure
  • Tír an Iubhair
  • Tír an Iúir

Baile Fearainn

cuir in eagar

Tabhair daoine stairiúil Tír an Iúir ó ghlúin go glúin. Is bruachbhaile thiar-theas de chuid Bhaile Átha Cliath é Tír an Iúir, timpeall sé chiliméadar ó lár na cathrach. Tá Tír an Iúir ag críochantacht leis na mbailte eile Cromghlinn agus Ráth Garbh san oirthear, Droimeanach, Ráth Maonais agus Crois Araild sa tuaisceart, na Glaschnoic, Gort an Ime sa deisceart agus, Camaigh agus teach Mealóg san iarthar. Bruachbhaile lánfásta atá ann, ina bhfuil tithíocht sraithe príobháideach don chuid is mó. Tá an tionscal éadrom atá ann dírithe ar Terenure Cross, in iarthar an bhaile.

Áiteanna timpeall Thír an Iúir:

  • Gort an Ime ó dheas
  • Crois Araild Thiar ó thuaidh
  • Camaigh san iarthar
  • Ráth Fearnáin san oirthear
  • Ráth Garbh san oirthear
  • Ráth Maonais Thiar ó thuaidh
  • Teach Mealóg san iarthar

Bhí daonra 3,741 ann sa bhliain 2016, dar leis Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann.

 
  • Rugadh Mick Dowling ann i dTír in Iuir, dornálaí oilimpeacha is ea é, agus t siopa spórt aige i gCrois Thír an Iúir.
  • CYM sacair agus club leadóg
  • Tír an Iúir foireann rugbaí
  • Terenure Rangers (foireann sacair)

Daoine Cáiliúla

cuir in eagar

Rugadh an t-údar James Joyce i Cearnóg Brighton, i Rath Garbh, áit atá in aice le Tír in Iúir agus rugadh a mháthair (Mary Jane) 90 méadar ón séipéal i gCrois Thír an Iúir i 1859. Rugadh lán aisteoirí, scríbhneoirí agus ceoltóirí ann i dTíir in Iúir cosúil le Donal McCann, Máirtín Ó Direáin agus Dave Allen. Rugadh dhá grúpa ceoil mhór ann freisin; Republic of Loose agus The Coronas. Chuaigh The Coronas go dtí Coláiste Tír an Iúir agus seinneann siad a lán de na cuid amhrán atá acu as Gaeilge. Chuir siad béim mhór ar an nGaeilge tríd an ceoil. Is iad Heroes or Ghosts agus Eist a Ghrá na amhrán níos coitianta a seinneann siad tríd an leagan Gaeilge.

Tá a lán scoileanna i dTír an Iúir, le haghaidh páistí óga agus cúrsaí don daoine fásta freisin.

  • St. Joshephs Boys National School
  • Terenure College
  • Our Lady's School
  • Eden Montessori School
  • The High School
  • Presentation College
  • St Pius X Boys National School

Tá béim mhór ar an nGaeilge i beagnach gach scoil i dTír an Iúir agus bíonn an cathaoirleach (Dáithí Mac Eochaidh) agus an runaí (Mícheál Mac Gabhann) den Cumann na mBunscoil ag obaír i St Pius X Boys National School.

Crois Thír an Iúir

cuir in eagar

Bíonn iarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn an t-am ar fad i dTír an Iúir. Tá a lán siopaí, pubanna, bialanna agus caifé suite i Crois Thír an Iúir agus tugann siad spreagadh don Gaeilge mar theanga agus mar mheán cumarsáide. Bíonn Gaelbrathach ag obair le na scoileanna i dTír in Iúir chun teanga a aimsiú i measc na ndaltaí. Bíonn Maidin Caife ar fáil ar an gCeadaoin gach seachtain. Tá sé mar aidhm ag na Maidineacha Caife deis a thabhairt do dhaoine bualadh le daoine eile a bhfuil Gaeilge acu agus an Ghaeilge a labhairt i suíomh nádúrtha. Beidh maidin caife ar siúl in Bistro 6, 90 Bóthar Thír an Iúir Thuaidh, BÁC 6W ó 11 ar aghaidh.

 
Crois Thír an Iúir