Mianra (cothaitheach)
(Athsheolta ó Mianraí cothaithe)
Is dúile iad na mianraí cothaithe a fhaightear i gcealla is sreabháin uile na colainne, atá riachtanach mar riandúile don chothú. Samplaí is ea potaisiam atá riachtanach chun leibhéil chearta sreabhán incheallach a choinneáil, cailciam atá riachtanach do thógáil cnámh is fiacla is tarchur néar-ríog chuig matáin, iarann atá riachtanach i ndéanamh haemaglóibine don fhuil is miaglóibine do na matáin, agus iaidín atá riachtanach i sintéis an hormóin thíoróidigh.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Mianraí cothaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 453.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le mianra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |