Is dúile iad na mianraí cothaithe a fhaightear i gcealla is sreabháin uile na colainne, atá riachtanach mar riandúile don chothú. Samplaí is ea potaisiam atá riachtanach chun leibhéil chearta sreabhán incheallach a choinneáil, cailciam atá riachtanach do thógáil cnámh is fiacla is tarchur néar-ríog chuig matáin, iarann atá riachtanach i ndéanamh haemaglóibine don fhuil is miaglóibine do na matáin, agus iaidín atá riachtanach i sintéis an hormóin thíoróidigh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Mianraí cothaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 453.