Michael Havers, Barún Havers
Polaiteoir agus breitheamh de chuid Shasana ba ea Robert Michael Oldfield Havers, Barún Havers PC (10 Márta 1923 – 1 Aibreán 1992). Bhí sé ina Ard-Aighne ó 1979 go 1987 agus ansin ina Ard-Seansailéir ar feadh seal gairid.[1]
Conspóidí
cuir in eagarChuir Havers cás an ionchúisimh i láthair le linn na dtrialacha Ceathrar Guildford agus Seachtar Maguire.[2]
Bhí Havers an-mhór le Margaret Thatcher agus Airey Neave (a feallmharaíodh sa bhliain 1979).
Bhí Havers ina Ard-Aighne nuair a cuireadh Peter Sutcliffe,[3] an Yorkshire Ripper, ar a thriail sa bhliain 1981. Tharraing sé conspóid air féin nuair a cuireadh an locht ar striapacha.[4]
Ionsaí
cuir in eagarGortaíodh póilín nuair a phléasc buama de chuid an IRA os comhair tí Havers (Woodhayes Road, Wimbledon) ar 13 Samhain 1981.
Scannal péidifileach
cuir in eagarTháinig fianaise chun solas sa bhliain 2018, arís, go raibh baint ag Havers leis an scannal péidifileach, "Playland" i Soho sna 1970idí.[5][6]
Ina theannta sin, níor cúisíodh péidifiligh áirithe; chuir Havers cásanna de dhroim seoil agus saoradh ó mhilleán maidir leis na cúisimh a chuid cairde.[7]
Saol
cuir in eagarMac le habhcóide ba ea é (a bhí ina bhreitheamh den Ard-Chúirt ní ba dhéanaí, An Ridire Cecil Havers). Ina theannta sin is deartháir leis an Barún Elizabeth Butler-Sloss, ar na chéad mhná a bhain post breithiúnach sinsearach amach i Sasana agus An Bhreatain Bheag.
Údar
cuir in eagarScríobh Havers cúpla leabhar, ina meascː
- Murder With a Double Tongue (le Peter Shankland),
- The Royal Baccarat Scandal (le Shankland agus Edward Grayson), and
- The Poisoned Life of Mrs Maybrick (le Bernard Ryan).
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Michael Havers". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Ronan Bennett (1993-06-24). "Criminal Justice" (en). London Review of Books. Dáta rochtana: 2021-11-13.
- ↑ "Peter Sutcliffe" (as en) (2021-08-06). Wikipedia.
- ↑ Julie Bindel. "Forgotten women: The overlooked victims of serial killers" (en). www.aljazeera.com. Dáta rochtana: 2021-11-13.
- ↑ foiacentre.com (2018). "FOIA Centre news: Police raised concerns about Michael Havers over ‘Playland’ trial". www.foiacentre.com. Dáta rochtana: 2021-11-13.
- ↑ Anthony Daly (2018-03-01). "Playland: Secrets of a forgotten scandal" (as English). Mirror Books.
- ↑ Blag spotlightonabus (2014-07-08). "Sir Michael Havers, brother of Baroness Butler-Sloss" (en). spotlight. Dáta rochtana: 2021-11-13.