Michel Platini
Iar-imreoir sacair Francach is é Michel François Platini (a rugadh ar an 21 Meitheamh 1955 in Jœuf, An Fhrainc), a tharraing conspóid nuair a bhí sé i mbun UEFA.idir 2007-2015.
Imreoir
cuir in eagarReáchtáladh Craobh na hEorpa sa Fhrainc sa bhliain agus ba é Platini lóchrann na bhFrancach.[1] D’aimsigh Platini naoi gcúl le linn chomórtas na bliana sin.[2]
Scóráil sé cúl amháin ag Corn FIFA an Domhain 1978 agus dhá chúl ag Corn FIFA an Domhain 1982.
Sa chluiche Liverpool v Juventus, Corn na hEorpa 1985, d’aimsigh Michel Platini cic éirice do Juventus chun an cluiche a bhuachan do na hIodálaigh, agus maraíodh 39 duine sa phlódú a tharla sa staid.[3][4]
FIFA agus scannal breabaireachta
cuir in eagarD'éirigh Platini ina uachtarán ar UEFA sa bhliain 2007 agus bhí scannail go leor ag baint leis.
Bhí íocaíochtaí rúnda, is cosúil, déanta ag Catar leis an gCorn Domhanda 2022 a mhealladh chun na tíre.[5] Bhí cur i gcéill sa phróiseas ar fad.
Sa bhliain 2022, cúisíodh Sepp Blatter (iaruachtarán FIFA) agus Michel Platini (iaruachtarán UEFA) as calaois (imeachtaí a tharla in 2011).[6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "EURO 2016: An gaiscíoch Griezmann ag gríosadh na nGallach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-21.
- ↑ Oliver Hopkins (2021-06-03). "Euro 84 Revisited: Michel Platini's Demolition Job" (en). The Analyst. Dáta rochtana: 2022-11-21.
- ↑ "Cúig chluiche ceannais san Eoraip nach ndéanfaidh Liverpool dearmad go deo orthu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-21.
- ↑ Sportsmail (2015-06-01). "Platini happily celebrated goal on night of Heysel, says journalist". Mail Online. Dáta rochtana: 2022-11-21.
- ↑ "Joe Coll, Tráchtaire Sacair." (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-11-20.
- ↑ "Disgraced FIFA chiefs Sepp Blatter and Michel Platini go on trial for fraud" (en). France 24 (2022-06-08). Dáta rochtana: 2022-11-21.