Mira Murati
Innealtóir agus feidhmeannach gnó Albánach is ea Mira Murati (rugadh 1988). Thosaigh sí le OpenAI in 2018, ag fónamh mar Phríomh-Oifigeach Teicneolaíochta (POT) na cuideachta, agus ó bhí an 17 Samhain 2023, is í príomhoifigeach feidhmiúcháin eatramhach OpenAI í, in ionad Sam Altman . [1]
Ainm sa teanga dhúchais | (sq) Ermira Murati (en) Mira Murati |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 16 Nollaig 1988 35 bliana d'aois Vlorë, An Albáin |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Albánaigh |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Thayer School of Engineering (en) - Baitsiléir Innealtóireachta (–2012) Coláiste Dartmouth United World Colleges (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Intleacht shaorga |
Gairm | príomhoifigeach teicneolaíochta |
Fostóir | OpenAI, príomhoifigeach teicneolaíochta (2022–) OpenAI (2018–) Leap Motion (en) (2016–) Tesla Motors (2013–) Zodiac Aerospace (United States) (en) Goldman Sachs |
Teangacha | An Albáinis, Béarla agus an Iodáilis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Gradam a fuarthas
| |
Luathshaol agus oideachas
cuir in eagarRugadh Murati i 1988 i Vlorë, an Albáine, do thuismitheoirí Albanacha. Ag aois 16, d'fhág sí an Albáin chun freastal ar Pearson College UWC ( United World College ) ar Oileán Vancouver, Ceanada, as ar bhain sí dioplóma amach, an Baccalaureate Idirnáisiúnta i 2007.
Le haghaidh a cuid oideachais fochéime, d'fhreastail Murati ar Colby College i Waterville, Maine, ar Scoláireacht Davis-UWC; le linn di a bheith ann, roghnaíodh í do chlár déchéime cúig bliana na scoile san innealtóireacht le Dartmouth College. In 2012, bhain sí Baitsiléir Innealtóireachta in innealtóireacht mheicniúil amach ó Dartmouth agus Baitsiléir Ealaíon ó Colby.
Gairmréim
cuir in eagarThosaigh Murati a gairm bheatha mar intéirneach ag Goldman Sachs i 2011, agus d'oibrigh sí ag Zodiac Aerospace ó 2012 go 2013. Chaith sí trí bliana ag Tesla mar bhainisteoir táirge sinsearach ar Mhúnla X sular thosaigh sí ag obair le Leap Motion. [2]
Thosaigh sí ag obair le OpenAI in 2018, agus bhí sí ina príomh-oifigeach teicneolaíochta ina dhiaidh sin, i gceannas ar obair na cuideachta ar ChatGPT, Dall-E, agus Codex [2] agus maoirseacht a dhéanamh ar fhoirne taighde, táirge agus sábháilteachta na cuideachta..
An 17 Samhain, 2023, chuaigh Murati i mbun cheannasaíocht mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin eatramhach OpenAI, tar éis Sam Altman a bheith briste as a phost [1][3]
Is abhcóide í chun IS a rialáil, ag áitiú gur cheart go mbeadh ról níos mó ag rialtais "in aligning on some basic safety standards for deployment of these models."
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Sam Altman Is Out at OpenAI After Board Skirmish". wsj.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 November 2023.
- ↑ 2.0 2.1 "OpenAI’s Mira Murati: the woman charged with pushing generative AI into the real world". Financial Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 July 2023.Murgia, Madhumita (18 June 2023). "OpenAI's Mira Murati: the woman charged with pushing generative AI into the real world". Financial Times. Archived from the original on 4 July 2023. Retrieved 4 July 2023.
- ↑ "Meet Mira Murati, the Engineer Now Leading OpenAI". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 November 2023.