Mo Mowlam
Ba pholaiteoir Briotanach í Marjorie "Mo" Mowlam Ph.D (18 Meán Fómhair 1949 - 19 Lúnasa 2005). Bhí sí ina ball de Pháirtí an Lucht Oibre agus chaith sí tréimhse mar Aire Stáit i dTuaisceart na hÉireann idir 1997 agus 1999.
Bhí Mo Mowlam ina hAire Stáit sa Tuaisceart nuair a shíníodh Comhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998. Bhí stíl ar leith ag Mo Mowlam, dírithe ar an gcuimsiú.[1]
Saol
cuir in eagarBhain sí céim san eolaíocht pholaitiúil amach in Ollscoil Durham agus Ph.D ó Ollscoil Iowa.
1987-1998
cuir in eagarBhí ainm in airde aici go forleathan mar dhuine de na polaiteoirí ba mhó a raibh gean uirthi ón dream "New Labour" sa Ríocht Aontaithe.[2]
Bhíodh aithne uirthi mar dhuine a bhí cliste, léannta agus tarraingteach. Bhí sí in ann labhairt go díreach agus go neamhbhalbh ar chúrsaí.[3]
1999
cuir in eagarBhí seanchairdeas idir aire eile, Peter Mandelson agus Mo Mowlam.[4] Sa bhliain 1999, gheall Mandelson go ndéanfadh sé idirbheartaíocht ar a son nuair a tuairiscíodh go raibh rún ag Tony Blair í a bhogadh go cúram eile. Ina áit sin, bhronn an Príomh-Aire an cúram ar Mhandelson féin. Ní nach ionadh, bhí Mo ar mire leis agus chuir sí ina leith go raibh sé ag iarraidh a post a ghoid uaithi. Cuirfidh sé iontas ar a lán, b’fhéidir, gur scríobh Mandelson – fear a bhfuil cáil Machivelliach air – ina dhiaidh sin chuig Blair ag impí air Mo a fhágáil san áit ina raibh sí. Mhaígh Blair, áfach, nach raibh muinín ag na hAontachtóirí inti agus gur beag meas a bhí ag an phobal náisiúnach uirthi a thuilleadh.[5]
Bás
cuir in eagarD'éag sí ar an 19 Lúnasa 2005. Bhuail siad urchóideach í sa bhliain 1997, ach cheil sí an fhírinne ag an am. Níos déanaí, thuill sí meas mar gheall ar a troid in aghaidh ailse inchinne.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ publicjobs.ie & Michelle Noone (2023-03-29). "Mná i róil Cheannaireachta - Michelle Noone, Ceannasaí don Earcaíocht Shinsearach agus Fheidhmeannach ag publicjobs.ie". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-03-29. Dáta rochtana: 2024-06-22.
- ↑ Kelly Grehan. "15 years after her death, Mo Mowlam remains a figure held in high esteem" (en-GB). LabourList. Dáta rochtana: 2021-08-19.
- ↑ " cumasach agus dúthrachtach i mbun a dualgais", Póilín Ní Chiaráin (2018). "An raibh caighdeán na bpolaiteoirí thall agus abhus riamh chomh híseal?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-19.
- ↑ Breandán Delap (2010). "Idir Dhá Chomhairle" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-08-19.
- ↑ Mary Holl. "Mo should be given the time to see the Northern job through" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-08-19.