Ba pholaiteoir Breatnach de chuid Pháirtí an Lucht Oibre í Ann Clwyd Roberts (née Lewis; 21 Márta 1937 – 21 Iúil 2023) a bhí ina Feisire Parlaiminte (FP) do Cwm Cynon ar feadh 35 bliain, ó 1984 go dtí 2019. Cé go raibh sé i gceist aici éirigh as i 2015, atoghadh í in olltoghchán na bliana sin agus i 2017 roimh éirí as i 2019.

Infotaula de personaAnn Clwyd

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Márta 1937
Sir Ddinbych, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Iúil 2023
86 bliana d'aois
Caerdydd, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
8 Meitheamh 2017 – 6 Samhain 2019 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Cwm Cynon

Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Bealtaine 2015 – 3 Bealtaine 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Cwm Cynon

Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
6 Bealtaine 2010 – 30 Márta 2015 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Cwm Cynon

Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: an Ríocht Aontaithe

14 Aibreán 2008 – 12 Samhain 2010
Chair of the Parliamentary Labour Party (en) Aistrigh
24 Bealtaine 2005 – 5 Nollaig 2006
← Jean Corston, Baroness Corston (en) AistrighTony Lloyd (en) Aistrigh →
Ball den 54ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
5 Bealtaine 2005 – 12 Aibreán 2010 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Cwm Cynon

Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
2004 –
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
7 Meitheamh 2001 – 11 Aibreán 2005 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Cwm Cynon

Ball den 52ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Bealtaine 1997 – 14 Bealtaine 2001 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Cwm Cynon

Shadow Secretary of State for Culture, Media and Sport (en) Aistrigh
29 Meán Fómhair 1992 – 21 Deireadh Fómhair 1993
← Bryan Charles Gould (en) AistrighMo Mowlam →
Shadow Secretary of State for Wales (en) Aistrigh
18 Iúil 1992 – 21 Deireadh Fómhair 1993
← Barry Jones, Baron Jones (en) AistrighRon Davies (en) Aistrigh →
Ball den 51ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
9 Aibreán 1992 – 8 Aibreán 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Cwm Cynon

Shadow Secretary of State for International Development (en) Aistrigh
2 Samhain 1989 – 18 Iúil 1992
← Guy Barnett (en) AistrighMichael Meacher (en) Aistrigh →
Ball den 50ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
11 Meitheamh 1987 – 16 Márta 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Cwm Cynon

Ball den 49ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
3 Bealtaine 1984 – 18 Bealtaine 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Cwm Cynon

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Páirtí an Lucht Oibre

17 Iúil 1979 – 23 Iúil 1984
Téarma parlaiminte: Céad Pharlaimint na hEorpa

Toghcheantar: Mid and West Wales (en) Aistrigh

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
7 Meitheamh 1979 – 14 Meitheamh 1984
← luach ar iarraidh – David Morris (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bangor
The Queen's School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, iriseoir, craoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Bhreatnais
Teaghlach
CéileOwen Roberts (1963–2012), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: AnnClwyd Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh Ann Clwyd i Helygain, Sir y Fflint, i 1937, iníon le Gwilym Henri Lewis agus Elizabeth Ann Lewis, a rugadh agus a tógadh i Pentre Helygain, Sir y Fflint. Fuair sí a cuid oideachais i Ysgol Uwchradd Treffynnon (Gaeilge:Ardscoil Holywell) agus i The Queen's School, Chester, sular bhain sí céim amach i bPrifysgol Bangor (Gaeilge: Ollscoil Bangor).

Gairmréim cuir in eagar

Bhí Clwyd ina múinteoir faoi oiliúint i Scoil Hope i Sir y Fflint, sular cuireadh oiliúint uirthi mar iriseoir. D’oibrigh sí ansin le BBC Cymru Wales mar bhainisteoir stiúideo, agus ansin bhí sí ina comhfhreagraí Breatnach do na nuachtáin The Guardian and The Observer i rith 1964–79.

Bhí sí ina Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Ealaíon na Breataine Bige ó 1975 go 1979. Bhí sí ina ball den NUJ agus den TGWU .

Gairm pharlaiminteach cuir in eagar

Chuir Huw T. Edwards ina luí ar Clwyd seasamh don Pharlaimint, a bhraith gur chóir go mbeadh níos mó ban sa pharlaimint. agus bhraith sé gur cheart go mbeadh níos mó ban sa pharlaimint. Sheas sí mar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre sna toghcháin i nDinbych i 1970 agus i nGloucester i nDeireadh Fómhair 1974, ach theip uirthi a bheith tofa.

Ó 1979 go 1984, bhí Clwyd ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) thar ceann Lár agus Iarthar na Breataine Bige (Breatnais:Canolbarth a Gorllewin Cymru). Toghadh í chun na Parlaiminte i bhfothoghchán i mBealtaine 1984 tar éis bhás Ioan Evans, agus ba í an chéad bhean í a bhí ag déanamh ionadaíochta do thoghcheantar i ngleannta na Breataine Bige. Bhí sí ina Scáth-Aire Oideachais agus Cearta na mBan ó 1987, ach briseadh as a phost í sa bhliain 1988 as éirí amach in aghaidh fuipe an pháirtí a bhí i bhfabhar tuilleadh caiteachais ar airm núicléacha. D’fhill sí mar Scáth-Aire um Fhorbairt Thar Lear ó 1989 go 1992, agus ansin bhí sí ina Scáth-Rúnaí Stáit don Bhreatain Bheag i 1992 agus don Oidhreacht Náisiúnta ó 1992 go 1993.

I mí Eanáir 1993, thug Betty Boothroyd, Spéicéir Theach na dTeachtaí, amach do Chlwyd as a carr a pháirceáil i gCúirt an Spéicéara, gan chead. Ba é an toradh a bhí air seo ná go raibh Boothroyd ag bagairt go ndéanfaí carr Clwyd a chlampáil dá ndéanfadh sí é arís, agus ní dhearna Clwyd an cion arís.[1][2]

Ba Urlabhraí Fostaíochta an Fhreasúra í Clwyd ó 1993 go 1994, agus Gnóthaí Eachtracha ó 1994 go 1995, nuair a briseadh as a post í arís, in éineacht le Jim Cousins, as ionradh na Tuirce ar Kirkuk na hIaráice a bhreathnú gan chead. Sa bhliain 1994 chuir sí agóid suí istigh ar siúl sa mhianach 'Tower Colliery' in aghaidh a dhúnta,in éineacht le Glyndŵr Roberts as Pen-y-waun. Bhí sí ina ball den Roghchoiste um Fhorbairt Idirnáisiúnta ó 1997 go 2005. Ar an 9 Lúnasa 2004, rinneadh ball den Ríchomhairle di.

Bhí Clwyd ina Leaschathaoirleach ar Pháirtí Parlaiminteach an Lucht Oibre ó 2001 go 2005, agus toghadh í mar Chathaoirleach ag 167 go 156 (Tony Lloyd a shárú) an 24 Bealtaine 2005. Mar sin féin, an 5 Nollaig 2006 bhuaigh Lloyd uirthi le 11 vóta nuair bhí sí ag iarraidh go n-atoghfaí í, agus luadh a dlúthchaidreamh le Tony Blair mar chúis lena díomua.[3]

Le linn a gairme parlaiminte, bhí Clwyd mar ina Cathaoirleach ar Ghrúpa Uile-Pháirtí um Chearta an Duine Parlaiminteach agus ar Ghrúpa Uile-Pháirtí Parlaiminteach na hIaráice. Bhí sí ina Leaschathaoirleach ar an Ghrúpa Parlaiminteach Uile-Pháirtí um Phobail Ghualcheantair, agus ina Rúnaí ar an nGrúpa Parlaiminteach Uile-Pháirtí ar an gCambóid. Bhí sí ina hiarchathaoirleach ar Ghrúpa na Breataine den Aontas Idirpharlaiminteach, ina Comhalta Feidhmiúcháin ar an gCoiste um Cheisteanna an Mheánoirthir agus ina Comhalta Feidhmiúcháin ar Choiste Comhordúcháin na mBanpharlaiminteoirí.

I mí Feabhra 2014, tar éis di ceannaire an pháirtí Ed Miliband a chur ar an eolas agus a cinneadh a nochtadh ag cruinniú míosúil Pháirtí an Lucht Oibre i gCwm Cynon, d'fhógair Clwyd go raibh sí chun tarraingt siar in olltoghchán 2015.[4] D'athraigh sí a hintinn ina dhiaidh sin, áfach, ach dúradh léi go gcaithfeadh sí dul trí phróiseas athroghnúcháin mar go raibh an nós imeachta chun a comharba a fháil curtha i bhfeidhm cheana féin ag Páirtí an Lucht Oibre.[5] An 13 Nollaig 2014, athroghnaíodh í ó ghearrliosta mhná-uilig mar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre i gCwm Cynon d'Olltoghchán 2015.[6]

Bhí Clwyd ar cheann de 13 Feisire Parlaiminte a vótáil i gcoinne Olltoghchán 2017 a chur ar bun.[7]

Sa tsraith vótaí Parlaiminte ar an Bhreatimeacht i mí an Mhárta 2019, vótáil Clwyd i gcoinne aoire Pháirtí an Lucht Oibre agus i bhfabhar leasú a chuir baill den Ghrúpa Neamhspleách síos don dara vóta poiblí.[8]

I mí Mheán Fómhair 2019, d'fhógair Clwyd arís go raibh sé i gceist aicidul ar scor sa chéad olltoghchán eile.[9]

An Iaráic cuir in eagar

Trína spéis i gcearta an duine agus i gcearta idirnáisiúnta na mban, ghlac Clwyd páirt sa díospóireacht maidir le riail Saddam Hussein san Iaráic. Cé gur urlabhraí an fhreasúra do Ghnóthaí Eachtracha, briseadh as a post í in éineacht le Jim Cousins as breathnú ar ionradh Arm na Tuirce ar Kirkuk na hIaráice gan chead. Ó 1997 go 2005 bhí Clwyd ina ball den Roghchoiste um Fhorbairt Idirnáisiúnta.

Ar an 12 Márta 2003, rinne James Mahon an chéad tagairt do na héilimh gur maraíodh cuid de na hIarácaigh i stiallairí plaisteacha nó i sceallairí adhmaid, nuair a thug sé aitheasc do Theach na dTeachtaí tar éis dó filleadh ó thaighde i dtuaisceart na hIaráice. Sé lá ina dhiaidh sin, scríobh Clwyd alt san 'The Times' dar teideal "See men shredded, then say you don't back war, ag rá go ndúirt Iaráic anaithnid go raibh Saddam agus Qusay Hussein tar éis dream a bhí ag cur in éadan riail na mBhaath a chur isteach i stiallairí plaisteacha nó adhmaid, agus ansin d'úsáid siad na corpáin mhionstiallta mar bhia éisc.[10] Níos déanaí chuirfeadh sí leis gur creideadh go raibh sé lonnaithe i bpríosún Abu Ghraib, agus labhair sí le duine gan ainm a mhaígh gur tarraingíodh ó chéile na stiallairí Meiriceánacha just before the military got there.[11] Mar an chéad iriseoir a luaigh an t-éileamh nár cruthaíodh, chuir éifeacht rollacháin an phictiúir uafásach ó bhéal tacaíocht níos leithne ó na meáin chumarsáide agus ó pholaitíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear Príomh-Aire na hAstráile John Howard, d’ionradh ar an Iaráic. Scríobh eagarthóir polaitiúil 'The Sun' Trevor Kavanagh i mí Feabhra 2004, gur mar thoradh ar alt Clwyd , "Public opinion swung behind Tony Blair, as voters learned how Saddam fed dissidents feet first into industrial shredders." Toisc go raibh sí glórach agus feiceálach ina himní faoin staid na hIaráice roimh an gcogadh, rinne Tony Blair Toscaire Speisialta di ar Chearta an Duine san Iaráic sa tréimhse roimh an gcogadh.

An tSeirbhís Náisiúnta Sláinte (SNS) cuir in eagar

Bhí Clwyd ina ball den Choimisiún Ríoga ar an tSeirbhíse Sláinte Náisiúnta 1976 -79.

I mí na Nollag 2012 cháin Clwyd go poiblí caighdeán an chúraim altranais a fuair a fear céile Owen Roberts in Ospidéal Ollscoile na Breataine Bige nuair a bhí sé ag fáil bháis ansin i mí Dheireadh Fómhair 2012. Dhírigh sí ar an easpa comhbhá a léiríodh dó.[12]

Sa bhliain 2013, tar éis tuarascáil Fiosrúcháin Stafford, cheap an Príomh-Aire í chun comhairle a thabhairt maidir le láimhseáil gearán san SNS.[13]

Ciorrú ball giniúna ban cuir in eagar

Sa bhliain 2003, roghnaíodh Clwyd mar áit chun Bille Comhalta Phríobháidigh a thabhairt isteach trí bhallóid na bhFeisirí. Chuir na céadta brúghrúpaí, ar mian leo a ngrúpaí féin a phoibliú agus a gcuid tograí féin le haghaidh reachtaíochta a chur chun cinn, brú uirthi. Roghnaigh sí an Bille um Chiorrú Ball Giniúna Ban a thabhairt isteach (chun cosc a chur ar thuismitheoirí a n-iníonacha a sheoladh, nó a thógáil thar lear le haghaidh oibríochtaí ar nós chiorrú ball giniúna ban),[14] a achtaíodh go rathúil.[15] Sa bhliain 1985, bhí toirmeasc ar chiorrú ball giniúna ban ann cheana féin.[16]

Poist eile cuir in eagar

Ligeadh Clwyd isteach i Wisg Wen (Gaeilge: Róba Bán) Gorsedd na mBard ag Eisteddfod Náisiúnta na Breataine Bige i 1991. Bhí sí ina Comhalta Oinigh d'Ollscoil na Breataine Bige, Bangor, agus d'Institiúid Ardoideachais Oirthuaisceart na Breataine Bige, a bhronn céim oinigh uirthi in Ollscoil na Breataine Bige. Bhí Dochtúireacht Oinigh (Dochtúireacht le Dlíthe) aici ó Choláiste na Tríonóide, Caerfyrddin as a cuid oibre sa pholaitíocht agus mar fheachtasóir ar son chearta an duine. Bhí sí ina Comhalta de Chomhairle Ealaíon na Breataine Móire ó 1975 -1979 agus ina Leaschathaoirleach ar Chomhairle Ealaíon na Breataine Bige 1975 -97.

Saol pearsanta cuir in eagar

Sa bhliain 1963, phós Ann Clwyd Owen Dryhurst Roberts, stiúrthóir teilifíse agus léiritheoir. Fuair sé bás i mí Dheireadh Fómhair 2012 nuair a bhí sé seachtó a trí.

Fuair Clwyd bás ina teach i Caerdydd an 21 Iúil 2023, ag aois 86.[17]

Onóracha cuir in eagar

Sa bhliain 2004, cuireadh Clwyd faoi mhionn mar ball de Ríchomhairle na Ríochta Aontaithe, ag bronnadh an teideal onórach "An Ró-Onórach" uirthi ar feadh a saoil.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "BBC News | UK POLITICS | Madam Speaker's career".
  2. "Parking (Speaker's Court) (Hansard, 29 January 1993)".
  3. "Lloyd becomes Labour MPs' chair".
  4. "Cynon Valley MP Ann Clwyd to stand down at election".
  5. "Cynon Valley MP Ann Clwyd to stand for re-election".
  6. "Cynon Valley Labour MP Ann Clwyd wins fight to defend her seat".
  7. "The 13 MPs who opposed snap general election".
  8. "Brexit latest: The Welsh MPs who voted for a second referendum".
  9. "Ann Clwyd: Longest serving Welsh Labour MP to step down".
  10. "See men shredded, then say you don't back war". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Lúnasa 2015. Dáta rochtana: 23 Iúil 2023.
  11. "How a Labour rebel became friends with US hawks".
  12. "Ann Clwyd complains of 'cold' University Hospital of Wales nurses" (en-GB). BBC News.
  13. "Ann Clwyd asked to advise on NHS hospital complaints" (en-GB). BBC News.
  14. Teimpléad:Cite Hansard
  15. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  16. "Prohibition of Female Circumcision Act 1985".
  17. "Ann Clwyd: Former Labour MP for Cynon Valley dies".