Moyra Barry
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1886 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 2 Feabhra 1960 73/74 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Mhínealaíne Slade Loreto College, Swords (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir |
Faoi Moyra Barry
cuir in eagarIs ealaíontóir Éireannach í Moyra Barry. Rugadh í sa bhliain 1886 agus fuair sí bás ar an 2ú Feabhra 1960.
Bunús
cuir in eagarRugadh Moyra Aloysius Barry i mBaile Átha Cliath mar an páiste is sine d'aon dhuine déag. Cuireadh 'Mary' uirthi óna tuismitheoirí Jane Barry agus Bernard Barry, a bhí ina ceannaí.
Óige agus Oideachas
cuir in eagarD'fhreastail Barry ar Loreto College, ansin rinne sí staidéar ag RHA (Royal Hibernian Academy) áit a bhuaigh sí duaiseanna do tharraingt agus ceapadóireacht, agus ag an Slade School of Fine Art i Londain, áit a bhfuair sí an chéad áit do phéinteáil ar an teilg.
Gairm
cuir in eagarI rith na 1920idí, bhí cónaí uirthi agus thug sí ceachtanna príobháideacha Béarla agus péintéireacht in Quito, Eacuadór sna 1920idí, sular fhill sí ar theach an teaghlaigh i Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath sna 1930idí. Bhí a saothar ar taispeáint go minic ag an RHA ó 1908-1952, agus ag reáchtáil roinnt seónna aonair san Angus Gallery ó 1932 ar aghaidh. Tugadh suntas di mar gheall ar a portráidí agus a tírdhreacha, ach bhain sí cáil amach as a cuid péintéireachta bláthanna a bhí déanta in olaí agus uiscedhathanna. Phéinteáil sí criosantamaim agus róslabhrais go minic. Sa bhliain 1941, chuir Dermod O' Brien, uachtarán an RHA síos uirthi mar "the finest painter of flowers alive" .
Saol déanach agus bás
cuir in eagarFuair Barry bás ar an 2ú Feabhra 1960 i mBaile Átha Cliath. Adhlacadh í i Reilg Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath.
Oidhreacht
cuir in eagarIs féidir teacht ar saothar s'aici i roinnt dánlann Éireannach; cosúil le Crawford Muncipal Art Gallery, Co. Chorcaí, agus Iarsmalann Uladh, Béal Feirste agus sa National Gallery of Ireland.
Saothair
cuir in eagar- bliain - ''Connemara Girl''
- bliain - "Roses"
- 1920 - "Self portrait in the artist's studio"
Tagairtí
cuir in eagarhttps://www.dib.ie/index.php/biography/barry-moyra-aloysius-a0455v[nasc briste go buan]
https://www.adams.ie/irish-artist-directory/moyra-barry-art-sold-at-auction
http://www.dukestreetgallery.ie/store/category/376/354/Barry%2C-Moyra/ Curtha i gcartlann 2022-09-28 ar an Wayback Machine