Is cuil bheag chaol le probasc polltach é an mhuiscít, le fáil ar fud an Domhain. Tugtar corrmhíol uirthi freisin. Itheann na baineannaigh fuil, agus na fireannaigh súlaigh plandaí. Beirtear na huibheacha in uisce. Na larbhaí uisciúil, ag ithe trí phlanctóin a scagadh ón uisce. An pupa camógchruthach gníomhach, ag maireachtáil faoi scannán dromchlach, crochta lena fheadán riospráide. Feidhmíonn na baineannaigh mar iompróirí na maláire, an fhiabhrais bhuí, na fioláiriáise, an fhiabhrais dheingigh, agus orgánach eile galar.