Mullach Eadrad

bruachbhaile de chuid Bhaile Átha Cliath

Bruachbhaile de chuid Bhaile Átha Cliath is ea Mullach Eadrad (Mulhuddart as Béarla).[1] Tá sé suite siar ó thuaidh ón gcathair agus é i ndlínse Chomhairle Contae Fhine Gall.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMullach Eadrad

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°24′10″N 6°23′55″W / 53.4029°N 6.3987°W / 53.4029; -6.3987
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
Toghcheantar Dháil ÉireannBaile Átha Cliath Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie17103
Leacht Éirí Amach 1916


Iompar cuir in eagar

Freastalaíonn busanna Bus Átha Cliath na 38, 38a, 38b, 39n agus 220 ar an gceantar.


Teach Bhaile an Phaslóigh cuir in eagar

Suite i Mullach Eadrad tá Teach Bhaile an Phaslóigh / Parslickstown House. Lonnaithe ann tá: Acquired Brain Injury Ireland; Foróige; Foireann Phobail in aghaidh Drugaí, Mullach Eadrad/An Chorr Dubh; Blanchardstown Travellers Development Group agus Little Learners Creche.[2]

Rialú agus ionadaíocht cuir in eagar

Tá Mullach Eadrad mar chuid de "Thoghlimistéar Áitiúl Bhaile Bhlainséir/Mullach Eadrad" i gComhairle Contae Fhine Gall. Is iad na comhairleoirí a leanas mar ionadaí sa chomhairle don cheantar: Punam Rane (Fine Gael), Mary McCalmey (Páirtí an Lucht Oibre), John-Kingsley Onwumereh (Fianna Fáil), Breda Hanaphy (Sinn Féin) agus John Burtchaell (Solidarity).

Tá Mullach Eadrad suite i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar le haghaidh rialú Oireachtas Éireann de agus mar chuid de thoghcheantar Bhaile Átha Cliath le haghaidh Parlaimint na hEorpa san AE.


Íomhánna cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar