An tOireachtas

parlaimint Phoblacht na hÉireann
(Athsheolta ó Oireachtas Éireann)

Is éard is an tOireachtasOireachtas ÉireannTithe an Oireachtais ann ná reachtas náisiúnta Phoblacht na hÉireann.

Bosca Sonraí EagraíochtaAn tOireachtas
Sonraí
CineálParlaimint
reachtas an dá sheomra Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1937
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Le cuid

Suíomh gréasáinoireachtas.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: OireachtasNews Twitter: OireachtasNews Flickr: oireachtas Cuir in eagar ar Wikidata
Teach Laighean, Baile Átha Cliath.

Cuimsíonn an tOireachtas trí aonad:

Tá Tithe an Oireachtais lonnaithe i dTeach Laighean i mBaile Átha Cliath. Tá an Dáil ar an gceann is mó cumhacht.

Gluais de choincheapa a bhaineann leis an Oireachtas cuir in eagar

Acht cuir in eagar

Píosa reachtaíochta atá tar éis dul trí dhá Theach an Oireachtais agus atá sínithe ina dhlí ag an Uachtarán. Le hAcht is féidir píosaí eile reachtaíochta a leasú freisin.

An Bord Bainistíochta (BB) cuir in eagar

Tagann Coiste Bainistíochta Sheirbhís Thithe an Oireachtais le chéile chun nithe a bhfuil buntábhacht straitéise, oibriúcháin agus airgeadais a bhreithniú agus a chinneadh, is nithe a fhéadfar a tharchur chuig an gCoimisiún dá éis sin de réir mar is cuí.

An Clár um an gClaochlú Digiteach, 2020 cuir in eagar

Clár infheistíochta TFC chun córais agus seirbhísí sa tSeirbhís a nuachóiriú trí theicneolaíocht dhigiteach a chur chun feidhme.

An Sos cuir in eagar

An tréimhse ama nach mbíonn an Teach ina shuí nó na Tithe ina suí.

An Tairseach cuir in eagar

Ardán inlín Thithe an Oireachtais.

Comhaltaí cuir in eagar

Ainm eile ar TD nó Seanadóir

Comhalta Príobháideach cuir in eagar

Comhalta den Dáil nó den Seanad nach Aire nó comhalta den Rialtas é nó í.

Díospóireacht faoi Shaincheisteanna Tráthúla (Dáil) cuir in eagar

Ní arna chur i láthair ag comhalta den Dáil lena bhreithniú mar shaincheist thráthúil a bhaineann le gnóthaí poiblí i dtaca le Roinn Stáit nó le gnóthaí riaracháin a bhfuil comhalta den Rialtas nó Aire Stáit freagrach go hoifigiúil astu.

Díospóireacht i dTosach Suí (Seanad) cuir in eagar

Ní arna thabhairt ar aghaidh ag Seanadóir lena phlé i dtosach suí an tSeanaid ar ní é a bhaineann le gnóthaí poiblí i dtaca le Roinn Stáit nó le gnóthaí riaracháin a bhfuil comhalta den Rialtas nó Aire Stáit freagrach go hoifigiúil astu.

Doiciméid Leagtha cuir in eagar

Is doiciméid iad na Doiciméid Leagtha a chuirtear go foirmiúil faoi bhráid Thithe an Oireachtais d’fhonn tacú leis an bpróiseas daonlathach.

Leabhar Reachtanna na hÉireann cuir in eagar

Stór ar líne de reachtaíocht inchuardaithe.

Ordú um Thosach Feidhme cuir in eagar

I.R. a chuireann tús go sonrach le cuid d’Acht.

Riar na hOibre cuir in eagar

Is doiciméad é Riar na hOibre ar a leagtar amach an gnó atá roimh gach Teach ar bhonn laethúil. Tá Riar éagsúil Oibre don dá Theach. Tá liosta na ndoiciméad a leagadh faoi bhráid na dTithe le feiceáil ar an dá Riar Oibre. Is féidir teacht ar an dá Riar Oibre ar an leathanach ‘Páipéir ghnó laethúla’ ar shuíomh gréasáin an Oireachtais. Tairiscint Ceadaithe (Ceadú Tairisceana): Togra foirmiúil a dhéantar sa Dáil nó sa Seanad (nó iontu araon) a cheadaíonn do Chomhaltaí díospóireacht a dhéanamh ar phíosa reachtaíochta atá beartaithe agus vótáil uirthi. Luafar an ceanglas Tairiscint Ceadaithe a bheith ann sa reachtaíocht chomhfhreagrach.

Tairiscint Neamhnithe cuir in eagar

Togra foirmiúil a dhéantar sa Dáil nó sa Seanad (nó iontu araon) lena gceadaítear píosa reachtaíochta atá beartaithe a chur ar neamhní tar éis díospóireachta agus vóta ag Comhaltaí. Luafar an ceanglas seo sa reachtaíocht chomhfhreagrach lena bhforordófar líon laethanta ar féidir an reachtaíocht a neamhniú taobh istigh de. Tréimhsí 7, 10, nó 21 lá suí atá socraithe.

Teachta/Teachtaí cuir in eagar

Ainm eile ar TD.

Tithe an Oireachtais cuir in eagar

(An dá Theach/Gach Teach): An Dáil agus an Seanad.

Tréimhse Reachtúil cuir in eagar

Tagraíonn tréimhse reachtúil do Thairiscint Neamhnithe .i. an líon laethanta suí atá ar fáil do Chomhaltaí chun díospóireacht a dhéanamh faoi dhoiciméad áirithe agus vótáil air. Is gnách gur 21 lá suí a bhíonn i gceist le tréimhsí reachtúla ach is féidir 10, nó 7 lá suí a bheith i gceist freisin. Luafar an tréimhse reachtúil sa reachtaíocht.

Vótáil cuir in eagar

Is éard atá i gceist ná vótáil fhoirmiúil ar thairiscint sa Dáil nó sa Seanad.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar