Na Fíréin
Is banna rac-cheoil Gaeilge é Na Fíréin a bunaíodh sa bhliain 1984. Bhunaigh Colm Mac Séalaigh Na Fíréin i Mí na Bealtaine 1984 le comhbhaill Eoin Smith, Gearóid Ó Murchú agus Franny McBride.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | racbhanna |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1984 |
Gníomhaíocht | |
Seánra | Rac-cheol |
B'iarracht a bhí ann an chéad fhíor racbhanna a chanadh trí mheán na Gaeilge a chur ar an bhfód. Scríobh Colm féin lear mór d'amhráin an bhanna, an t-amhrán is cáiliúla acu "Tír na nÓg" san áireamh. Is amhrán é atá anois ina chlasaic cultais. atá ar eolas ar go leor daoine a chaith seal ar chúrsa samhraidh Gaeltachta in Éirinn sna 1990idí.
Stair
cuir in eagarChuir Colm Mac Séalaigh, Gearóid Ó Murchú agus Ken Mac Diarmada an grúps Tŷ Bach ar bun i 1973 tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar Eisteddfod na Breataine Bige. Chuaigh ceol nua-aimseartha na ngrúpaí Breatnaise i bhfeidhm go mór orthu agus chinn siad ar aithris a dhéanamh ar stíl agus ar chur chuige na ngrúpaí úd ach liricí Gaeilge a úsáid.
As an iarracht sin tháinig an t-albam Téanam Ort, ach níos suntasaí ná sin, i 1974 chuir Mac Séalaigh liricí nua le fonn an amhráin ‘Nia Ben Aur’ a bhí cloiste ag Tŷ Bach sa Bhreatain Bheag. Chuir Ó Murchú véarsa breise le liricí Mhic Shéalaigh agus as sin a tháinig an t-amhrán ‘Tír na n-Óg’, príomhamhrán Na Fíréin ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
Agus 1984 ag druidim chun deiridh, bheartaigh Ó Murchú (guth), Mac Séalaigh (dord), Smith (giotár) agus McBride (drumaí) leanúint ar aghaidh mar ghrúpa de cheathrar. De réir mar a bhí an t-am ag imeacht agus fuaim agus stór amhrán an bhanna á bhforbairt agus á leathnú, chinn an banna go raibh gá cur le héagsúlacht fuaime agus uirlisí agus tugadh seinnteoir méarchláir isteach darb ainm Mick O’Neill. Bhí fonn ar an ngrúpa chomh maith tabhairt faoi albam a thaifeadadh agus a eisiúint. D’éirigh leo, trí bhrú agus trí achainí, urraíocht a chur le chéile a dhíolfadh as cuid den chostas taifeadta agus thoiligh Gael Linn, in earrach na bliana 1986, fadcheirnín a eisiúint darbh ainm Sin Mar a Bhíonn. Chuaigh an fadcheirnín i bhfeidhm ar a lán daoine i measc phobal na Gaeilge agus i measc an aosa óig, agus sheinntí rianta ón gceirnín (‘Deireadh na Seachtaine’, ‘Sin mar a Bhíonn’ agus ‘Tír na nÓg’ go háirithe) go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar stáisiúin eile.
D’fhág O’Neill an banna go luath ina dhiaidh sin agus tháinig John McGovern mar chomharba air. Tar éis bliana, d’fhág McGovern, agus iarradh ar Chaitríona Ní Threasaigh an méarchlár a sheinm ar bhonn rialta agus sa stiúideo taifeadta chomh maith. Chaith Ní Threasaigh roinnt blianta ag casadh an mhéarchláir leis an ngrúpa. Chaith Dónal Ó Faoláin tamall ag seinm an tsacsafóin leis an ngrúpa freisin.
Go ceann ceithre bliana ina dhiaidh sin, thaistil agus sheinn Na Fíréin ar fud na nGaeltachtaí agus na tíre, ón Rinn go Toraigh, ó Bhéal Feirste go Corcaigh, agus is iomaí clár teilifíse Gaeilge a raibh siad páirteach ann –Iris (clár teilifíse), Cúrsaí, Scaoil Amach an Bobailín agus eile. I 1990, d’eisigh an grúpa albam eile d’amhráin nua-cumtha dá gcuid féin. Beagáinín Níos Fearr ba theideal don albam a bhí ar caiséad amháin agus is ar lipéad an ghrúpa féin, Gealt, a eisíodh é. An bhliain dár gcionn eisíodh an t-aon dlúthdhiosca ón ngrúpa, ar lipéad Gael Linn, ar a bhfuil fiche amhrán ón dá albam a eisíodh roimhe sin.