Na h-Eileanan an Iar (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)
Is toghcheantar de chuid Theach na dTeachtaí i bParlaimint na Ríochta Aontaithe é Na h-Eileanan an Iar, ar a dtugtaí 'The Western Isles', roimhe sin, a cruthaíodh sa bhliain 1918. Toghann sé Feisire Parlaiminte (FP) amháin faoin chóras toghcháin 'an chéad duine abhaile'.
Na h-Eileanan an Iar | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | ||||
Oileánra | Inse Ghall | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 26,100 (2022) | ||||
• Dlús | 8.43 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 3,097.151 km² | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 14 Nollaig 1918 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Le timpeall 21,000 vótálaí cláraithe, is é an toghcheantar is lú d'aon toghcheantar sa Ríocht Aontaithe.
Stair
cuir in eagarCruthaíodh an toghcheantar ó chodanna de Siorrachd Rois agus Siorrachd Inbhir Nis.
Sa bhliain 2005 rinneadh "Na h-Eileanan an Iar" mar ainm oifigiúil ar an réigiún.
Tá toghcheantar comhionann leis an ainm céanna in úsáid ag Parlaimint na hAlban.
Teorainneacha
cuir in eagarTugtar Na h-Eileanan an Iar (Gaeilge: Na hOileáin Siar nó Inse Ghall) ar an thoghcheantar seo, agus is é an toghlach is lú sa Ríocht Aontaithe é, an cúigiú cuid de mhéid an ceann is mó, sé sin 'Inis Iocht', atá ina thoghcheantar oileánda freisin. Is toghcheantar parlaiminteach i bhfad níos lú í Inis Iocht i dtéarmaí geografacha, áfach. Bhí sé molta go bhféadfaí Na h-Eileanan an Iar a chomhcheangal le toghcheantar Arcaibh agus Sealtainn: bheadh an toghlach comhcheangailte a bheadh mar thoradh air fós i bhfad faoi bhun an mheánchuóta thoghcheantair.
Mhol Coimisean Criochan na h-Alba i 1980 gur cheart an suíochán a shíneadh agus An t-Eilean Sgitheanach agus Loch Aillse a chur san áireamh leis; cuireadh é sin ar ceal áfach ag fiosrú poiblí. Go ginearálta, tá sé de nós ag breithnithe maidir le méid geografach, daonra éagsúil agus áisiúlacht na bhfeisirí lena mbaineann, chomh maith le traidisiún agus féiniúlacht, na hargóintí faoi éagothroime uimhriúil a shárú.
Ina theannta sin, tá dianchosc ar Na h-Eileanan an Iar agus toghcheantar Arcaibh agus Sealtainn a bheith comhcheangailte le toghcheanta eile i bhfeidhm a bhuí leis an 'Parliamentary Voting System and Constituencies Act 2011' (Gaeihge: An tAcht um an gCóras Vótála Parlaiminte agus Toghcheantair 2011).[1]
Is é Aonghas MacNèill (PNA) sealbhóir reatha an tsuíocháin.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |