Is é an neoidimiam dúil cheimiceach uimhir a 60, agus is é Nd an tsiombail cheimiceach a sheasann dó. Miotal bog insínte é a dtagann smúit air faoi thionchar an aeir. Ba é an ceimiceoir Ostarach Carl Auer von Welsbach a rinne a fhionnachtain sa bhliain 1885. Níor táirgeadh eiseamal mór den mhiotal ach sa bhliain 1925. Tá an t-ainm bunaithe ar neos ("nua") agus didymos ("leathchúpla") na Gréigise. Ar dtús, shíl na ceimiceoirí go raibh a leithéid de mhiotal ann agus didimiam, ach le fírinne, is éard a bhí ann ná meascán praiséidimiam agus neoidimiam, agus nuair a tuigeadh gur dhá mhiotal éagsúla a bhí ann i ndáiríre, bhí ainmneacha nua ag teastáil ón mbeirt sin.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachNeoidimiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Neoidimiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachNd
Uimhir adamhach60
Mais adamhach144.242
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.14
Ga ianach0.98, 1.12, 1.16 agus 1.27
Stair
AimsitheoirCarl Auer von Welsbach
Fionnachtain1885
Eapainmnuacht agus cúpla

Lantanóideach agus miotal tearc-chré é an neoidimiam, agus é le fáil sa dá mhianra úd monaisít agus bastnaeisít cosúil lena lán dúl eile sna grúpaí seo.

Is é +III gnáthstaid ocsaídiúcháin an neoidimiam, rud coitianta ag an gcuid is mó de na miotail tearc-chré (sin é an tuige go mbíonn sé chomh deacair iad a dhealú ó chéile). Comhdhúile tipiciúla iad an trí-ocsaíd dé-neoidimiam Nd2O3, an trífhluairíd neoidimiam NdF3, an tríchlóiríd neoidimiam NdCl3, an tríbhróimíd neoidimiam NdBr3, an trí-iaidíd neoidimiam NdI3, an dá shuilfíd NdS agus Nd2S3, agus an nítríd NdN.

Tá neoidimiam an dúlra comhdhéanta as cúig iseatóp cobhsaí, mar atá, 142Nd (27.2 % de neoidimiam an dúlra), 143Nd (12.2 %), 145Nd (8.3 %), 146Nd (17.2 %) agus 148Nd (5.7 %), chomh maith le dhá iseatóp radaighníomhach, 144Nd (23.8 %) agus 150Nd (5.6 %). Tá na raidiseatóip nádúrtha an-fhadsaolach, nó tá neoidimiam a 144 2.29 cuintilliún bliain ar leathré, agus neoidimiam a 150 breis is dhá mhíle oiread níos fadsaolaí fós. Mar sin, is féidir dearmad a dhéanamh de radaighníomhaíocht an dá iseatóp sin sa ghnáthshaol.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar