Cuireann Nuacht24, atá lonnaithe i mBéal Feirste, seirbhís nuachta ar fáil as Gaeilge ar bhonn leanúnach: déanann an fhoireann nuashonrú ar an suíomh gréasáin go rialta. Foilsíodh leagan clóite gach seachtain ó thús 2009 go dtí lár 2010 freisin. Bhunaigh an t-iriseoir aitheanta Eoghan Ó Néill an tseirbhís sa bhliain 2009: tháinig sí i gcomharbas ar a bhlag nuachta, "An Druma Mór". Tá ceathrar fostaithe ag an nuachtán agus tá ailt foilsithe ag scríbhneoirí amhail Eamon Ó Reachtair agus Meadbh Ní Eadhra air.[1]

Infotaula de publicacions periòdiquesNuacht24
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaighEanáir 2009 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit a fhoilsitheBéal Feirste
Tréith
Formáid dáiltean tIdirlíon

Suíomhnuacht24.com Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra Uí Néill cuir in eagar

Iriseoir aitheanta is ea Ó Néill atá mar eagarthóir nuachta ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Tá go leor taithí aige: iar-eagarthóir ar Lá Nua agus iaririseoir le BBC Uladh is ea é freisin. Bronnadh gradam air mar Iriseoir na Bliana ag Gradam Cumarsáide an Oireachtais i dTeach Farmleigh.[1]

An leagan clóite cuir in eagar

Dar le hEoghan O Néill, is maith an rud é leagan clóite a bheith ann:

“Tá daoine fós á iarraidh agus nuair a tháinig deireadh le Foinse tháinig borradh mór faoin méid daoine a bhí ag lorg leagan clóite. Taitníonn leagan idirlín leis an nglúin óg ach dóibh siúd atá thar 25 bliain d’aois ní mhothaíonn siad chomh compordach leis. Anuas air sin tá leagan clóite níos feiliúnaí don traein nó don bhus nuair a bhíonn daoine ag taisteal.”[1]

An Todhchai cuir in eagar

Tá Nuacht24 maoinithe ag an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Ciste de chuid "Northern Ireland Screen". Faigheann an Ciste £3m chuile bhliain ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. Chuile bhliain, tugann sé maoiniú le haghaidh 75 uair an chloig ar a laghad de chláir Ghaeilge ar TG4, RTÉ agus BBC TÉ.

Beidh Ó Néill agus an fhoireann ag leanúint ar aghaidh le forbairt www.nuacht24.com ina mbeidh físeáin agus sruthanna nuachta ar fáil.

“Tá súil againn go mbeidh Fís 24 agus Nuacht 24 ag obair as lámha a chéile agus go mbeidh físeáin rialta nuachta ann roimh dheireadh an tsamhraidh.”[1]

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar