Thosaigh Oibríocht Banner[1] ar an 14 Lúnasa 1969 agus mhair sí go dtí an 31 Iúil 2007, an t-imlonnú is faide de chuid Airm na Breataine riamh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOibríocht Banner
Íomhá
Cineáloibríocht mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dena Trioblóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse14 Lúnasa 1969 - 31 Iúil 2007
Dáta na bliana31 Iúil 2007 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhTuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

I mí Lúnasa 1969, d'iarr Rialtas Thuaisceart Éireann ar Rialtas na Ríochta Aontaithe saighdiúirí de chuid Arm na Breataine a chur ar garastún sa stáitín leis an tsíocháin a choimeád.

Mhair Cath Thaobh an Bhogaigh ar feadh thrí lá agus thrí oíche agus "gach duine sa phobal diongbháilte nach mbeadh an bua ag an RUC a raibh oiread sin fuatha acu dóibh nó ag na Paisleyites a bhí ag cuidiú leo". Agus fórsaí an stáit traochta, don chéad uair ó tháinig an chríochdheighilt isteach, imscaradh saighdiúirí Shasana ar shráideanna na Sé Chontae agus tháinig ciúnas bhagarthach go malltriallach ar Dhoire. Cois Feabhail - agus i mBéal Feirste agus in áiteanna eile - cuireadh fáilte chroíúil roimh Arm na Breataine cionn is gur léirigh siad gur chaill an RUC an troid. “Bhí daoine ag moladh dúinne gan aon fháilte a chur roimh na Sasanaigh,” is cuimhin le Gearóid Ó hEára. “Roimh i bhfad, bhí na saighdiúir ag cur isteach orainn, ár stopadh agus ár gcur in éadan an bhalla lenár gcuardach".[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, Operation Banner
  2. Robert McMillen (Samhain 2012). "Agallamh le Gearóid Ó hEára" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-07-25.