Oibríocht na Náisiún Aontaithe sa Chongó


Mhair Oibríocht na Náisiún Aontaithe sa Chongó (ONAC)[1]  idir an 14 Iúil 1960 - 30 Meitheamh 1964. Bhain an tír a neamhspleáchas amach ón mBeilg ar 30 Meitheamh 1960 agus tharraing an aistarraingt ainrialachas.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOibríocht na Náisiún Aontaithe sa Chongó
Cineáloibríocht mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht14 Iúil 1960 - 

Bhí saighdiúirí na hÉireann sa Chongó, ar dualgas síochánaíochta leis na Náisiúin Aontaithe, le linn an ama sin. Ba é an chéad uair riamh a cuireadh saighdiúirí armtha de chuid na hÉireann i mbun dualgas síochánaíochta thar lear. Os cionn 6,000 saighdiúir de chuid na hÉireann a chaith tréimhse ar dualgas sa Chongó. Maraíodh 26 ball d’Óglaigh na hÉireann sa chogaíocht, agus cogadh cathartha ag réabadh sa tír.

aeraistriú, Aeradróm Mhic Easmainn, 32nd 1960[2]
aeraistriú, Aeradróm Mhic Easmainn,, 1960
Cuimhneachán, 27 Márta 2016

Oibríochtaí

cuir in eagar

Cuimhníodh go háirithe inniu ar an naonúr a maraíodh i luíochán i Niemba i mí na Samhna 1960, nuair a d’ionsaigh saighdiúirí ó mhílíste Luba patról de chuid na hÉireann.

S'é cath Jadotville sa bhliain 1961 an eachtra is mó a bhfuil clú agus cáil anois uirthi ón tréimhse a chaith saighdiúirí na hÉireann sa Chongó.

Príomhalt: Cath Jadotville

Iarmhairtí

cuir in eagar

D’fhág an misean sa Chongó lorg tromchúiseach ar chuimhne an airm in Éirinn. D’ainneoin an ghaisce a bhí déanta acu, níor tugadh aitheantas oifigiúil do na saighdiúirí i ndáiríre go dtí na 2000idí.[3]

Sna meáin

cuir in eagar

Is scannán staire Éireannach-Afraiceach Deisceartach ón mbliain 2016 é The Siege of Jadotville arna dhíriú ag Richie Smyth.[4] Kevin Brodbin a scríobh an script.[5] Tá an scannán bunaithe ar leabhar le Declan Power dar theideal The Siege at Jadotville: The Irish Army's Forgotten Battle (2005), faoin bpáirt a bhí ag aonad d'Arm Phoblacht na hÉireann i misean coimeádta na Náisiún Aontaithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó i mí Meán Fómhair na bliana 1961.[6]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéárla, " United Nations Operation in the Congo" nó ONUC
  2. Óglaigh na hÉireann (1960-07-01). "Congo Airlift Baldonnel 32nd 1960". 
  3. Nuacht RTÉ (2024-05-31). "Teastas bronnta inniu ar shaighdiúirí a throid i gCath Jadotville" (as ga-IE). 
  4. "The Siege of Jadotville (2016)".
  5. "The Siege of Jadotville" (2016). Rotten Tomatoes. Dáta rochtana: October 9, 2016. 
  6. "28th Galway Film Fleadh - July 2016 - The Siege of Jadotville". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Samhain 2017. Dáta rochtana: 24 Eanáir 2018.