Tharla Cath Jadotville (nó Léigear Jadotville) ar 13-18 Meán Fómhair 1961, le linn idirghabhála na Náisiún Aontaithe i gcoinbhleacht Katanga i gCongo-Léopoldville, san Afraic Láir, inniu Poblacht Dhaonlathach an Chongó. Bhí Óglaigh na hÉireann ar dualgas síochánaíochta leis na Náisiúin Aontaithe. Ba é an chéad uair riamh a cuireadh saighdiúirí armtha de chuid na hÉireann i mbun dualgas síochánaíochta thar lear.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath Jadotville
Map
 10°59′00″S 26°44′00″E / 10.98333°S 26.73333°E / -10.98333; 26.73333
Cineálléigear
coinbhleacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deGéarchéim an Chongó Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse13 - 17 Meán Fómhair 1961
Dáta na bliana17 Meán Fómhair 1961 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLikasi, Poblacht Dhaonlathach an Chongó Cuir in eagar ar Wikidata
Saighdiúirí Éireannacha sa Chongó, Iúil 1960[1]
B Company, 36th Battalion, Élisabethville, December 1961
Cuimhneachán, Ath Luain, 2005
Bonn

Imeachtaí

cuir in eagar

Ba é seo an eachtra is mó a bhfuil clú agus cáil anois uirthi ón tréimhse a chaith saighdiúirí na hÉireann sa Chongó. Bhí 157 saighdiúir ó Chomplacht A in Arm na hÉireann lonnaithe in Jadotville (tugtar Likasi air inniu) nuair a d’ionsaigh 3,000 saighdiúir ó fhórsaí Katanga iad. Cé go raibh buntáiste suntasach ag an bhfórsa sin, throid saighdiúirí na hÉireann go diongbháilte chun iad féin a chosaint.[2]

Mharaigh na Óglaigh 300 saighdiúir ó arm Katanga. Níor maraíodh oiread is saighdiúir amháin ó Chomplacht A.

Mhair an léigear ar feadh seachtaine go dtí go raibh armlón na nÉireannach ídithe. Faoi dheireadh ghéill an Coirnéal Pat Quinlan. [2]

Iarmhairtí

cuir in eagar

D’fhág an misean sa Chongó lorg tromchúiseach ar chuimhne an airm. D’ainneoin an ghaisce a bhí déanta acu, níor tugadh aitheantas oifigiúil do shaighdiúirí Chomplacht A go dtí an bhliain 2017.[2]

Sna meáin

cuir in eagar

Is scannán staire Éireannach-Afraiceach Deisceartach ón mbliain 2016 é The Siege of Jadotville arna dhíriú ag Richie Smyth.[3] Kevin Brodbin a scríobh an script.[4] Tá an scannán bunaithe ar leabhar le Declan Power dar theideal The Siege at Jadotville: The Irish Army's Forgotten Battle (2005), faoin bpáirt a bhí ag aonad d'Arm Phoblacht na hÉireann i misean coimeádta na Náisiún Aontaithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó i mí Meán Fómhair na bliana 1961.[5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. flickr.com / Óglaigh na hÉireann (1960-07-01). "On duty in the Congo". 
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-05-31). "Teastas bronnta inniu ar shaighdiúirí a throid i gCath Jadotville" (as ga-IE). 
  3. "The Siege of Jadotville (2016)".
  4. "The Siege of Jadotville" (2016). Rotten Tomatoes. Dáta rochtana: October 9, 2016. 
  5. "28th Galway Film Fleadh - July 2016 - The Siege of Jadotville". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Samhain 2017. Dáta rochtana: 24 Eanáir 2018.