Likasi

cathair i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

Cathair i gCúige Haut-Katanga in oirdheisceart Phoblacht Dhaonlathach an Chongó is ea Likasi (roimhe seo Jadotville (Fraincis), nó Jadotstad in Ollainnis). Tá Likasi suite i lár an chrios mianadóireachta in Katanga, in aice leis na sliabhraonta Mitumba agus Kundelungu. Bhí 447,449 duine ina gcónaí in Likasi sa bhliain 2012 agus measadh breis is 635,000 duine sa chathair sa bhliain 2015. Lárionad mianadóireachta agus mol cumarsáide atá ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilLikasi

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 10°59′S 26°44′E / 10.98°S 26.73°E / -10.98; 26.73
Stát ceannasachPoblacht Dhaonlathach an Chongó
Réigiún stairiúilKatanga Province (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán422,535 (2010) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,798.02 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla235 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1,318 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Tagann an t-ainm "Likasi" ón bhfocal dikashi, a chiallaíonn bolaithe deasa. Is é "Cathair na Soilse" leasainm na cathrach agus áirítear í ar chinn scríbe turasóireachta na tíre. Le linn coilíneacht na mBeilgeach tugadh Jadotville ar an gcathair. Tháinig an t-ainm sin ó shloinne Jean Jadot, innealtóir Beilgeach.

Is é Aere laboreque (Laidin: trí mheán an chopair agus na hoibre) mana Likasi. Tá monarcha mhór in Likasi ina phróiseáiltear an copar. (Is é Daonphoblacht an Chongó an cúigiú tír ar domhan ó thaobh táirgeadh an chopair de.) Tá músaem mianreolaíochta sa chathair.

An taobh istigh de mhonarcha in Jadotville, 1942