Oibreán Flannbhuí
Is luibhicíd é oibreán flannbhuí a d'úsáid na Briotanaigh sa Mhalaeisia, agus na Meiriceánaigh i Vítneam chun duilleoga a bhaint de na foraoisí i gcogaíocht dufaire. Ach tá sé fíorthocsaineach do dhaoine de bhrí go bhfuil beagán déocsaíne ann, rud is cúis le bristí géara craicinn, míchumaí beirthe agus ailsí i ndaoine is ainmhithe eile a thagann i dteagmháil leis. Tugadh an t-ainm seo air de bhrí gur i mbairillí le fáinní flannbhuí orthu a d'iompair na Meiriceánaigh é go Vítneam. I 1962-1970 spréigh siad na milliúin bairillí trasna na tíre sin. Meastar gur nochtadh níos mó ná 3 mhilliún Vítneamach don truailleán tocsaineach, agus fíordhrochshláinte is neamhoird ar níos mó ná milliún anois dá bharr.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |