Osclóidh seo an príomhroghchlár
Léarscáil
Ahu Tongariki

Is oileán san Aigéan Ciúin é Oileán na Cásca (Rapa Nui: Rapa Nui, Spáinnis: Isla de Pascua). Tá an t-oileán faoi rialú na Sile. Tá Oileán na Cásca suite sa phointe is faide soir ó dheas den "Triantán Polainéiseach" in oirdheisceart an Aigéin Chiúin. Tá clú ar Oileán na Cásca mar gheall ar na míle dealbh mhóra (nach mór) a thóg an pobal Rapa Nui ann agus ar a dtugtar moai. Sa bhliain 2017, bhí timpeall ar 7,750 duine ina gcónaí ann.