Teanga Iaránach is ea an Oiséitis, agus í á labhairt ag seacht gcéad míle duine san Oiséit, limistéar ar shléibhte Chugais idir an Rúis agus an tSeoirsia. Tá cónaí ar an gcuid is mó acu i gcúige na hOiséite Thuaidh agus na hAláine, atá suite sa Rúis, in aice leis an tSeoirsia, ach thairis sin, tá aon chúigiú cuid de na hÓiséitigh lonnaithe ar an taobh Seoirsiach den teorainn, san Oiséit Theas, agus an tír sin ina cnámh spairne idir an Rúis agus an tSeoirsia faoi láthair.

Infotaula de llenguaAn Oiséitis
Ирон ӕвзаг agus Iron ævzag
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais599,250 (2010)
Á labhairtAn Oiséit Thuaidh-An Aláin agus an Oiséit Theas
Grúpa eitneachOiséataigh
Dúchasach doImereti (en) Aistrigh, Kvemo Kartli (en) Aistrigh, Mtskheta-Mtianeti (en) Aistrigh, Racha-Lechkhumi and Kvemo Svaneti (en) Aistrigh, Shida Kartli (en) Aistrigh, An Chabairdín-Bhalcáir agus An Oiséit Thuaidh-An Aláin
Stáitan Rúis, an Oiséit Theas, an tSeoirsia agus an Tuirc
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ind-Iaránacha
teangacha Iaránacha
Eastern Iranian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAibítir Choireallach agus Ossetian Cyrillic alphabet (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Cóid
ISO 639-1os
ISO 639-2oss
ISO 639-3oss
Glottologosse1243
Ethnologueoss
UNESCO1066
IETFos

Tugann na hÓiséitigh féin Ирон ӕвзаг/Iron ævzagИронау/Ironau ar a dteanga. Is í an t-aon teanga amháin a úsáideann an litir úd ӕ san aibítir Choireallach. Creidtear gurb í an Oiséitis an t-iarsma deireanach de theangacha na Scitiach is na nAlánach a shealbhaigh deisceart na Rúise timpeall na mblianta 700-600 roimh bhreith Chríost. Tá abairtí Oiséitise le fáil i bhfoinsí stairiúla Gréigise ó thús na dara mílaoise i ndiaidh bhreith Chríost.

Tá dhá chanúint Óiséitise ann, mar atá, Iron agus Digor. Is í an chanúint Iron is tábhachtaí, agus is í is bun leis an teanga liteartha. B'é Kosta Khetagurov (1859-1906) file náisiúnta na nÓiséiteach a chuir tús le caighdeánú na teanga.

San Ungáir, bhí teanga ghaolmhar á labhairt ag treibh a dtugtaí Jász uirthi as Ungáiris. Chuaigh an teanga seo i léig le fada an lá, ach i bhfad ina dhiaidh sin féin, ba nós leis na hUngáraigh aitheantas áirithe a thabhairt don treibh seo mar dhream eitneach ar leith. D'fhág na Jász téacsanna ina ndiaidh ina seanteanga, agus bhí na saineolaithe in ann an Óiséitis a úsáid mar ghléas le ciall a bhaint astu.