Úrscéal de chuid Charles Dickens is ea Oliver Twist. Foilsíodh é i bhfoirm mhíreanna seachtainiúla ó Mhí Feabhra, 1837 go Mí Aibreán, 1839 san iris úd Bentley's Miscellaney, arbh é Dickens an chéad eagarthóir uirthi. Insint ar shaol dílleachta óig i Londain, Sasana sa ré Victeoiriach atá ann.

WD Bosca Sonraí LeabharOliver Twist

Cuir in eagar ar Wikidata
Fotheidealor, The Parish Boy's Progress Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha agus ficsean srathaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarCharles Dickens Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
MaisitheoirGeorge Cruikshank (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánLondain Cuir in eagar ar Wikidata, Sasana agus an Ríocht Aontaithe, 1837
1838 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1837
FoilsitheoirRichard Bentley
Foilsithe iBentley's Miscellany (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuidOliver Twist, book the first (en) Aistrigh
Oliver Twist, book the second
Oliver Twist, book the third Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaLondain Cuir in eagar ar Wikidata
Ar siúl i gcruinne ficseanúilOliver Twist universe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Musicbrainz: e42d1046-4470-4fe5-adcb-a8befd78a86d Cuir in eagar ar Wikidata

Plota cuir in eagar

I ndiaidh a bheith tógtha i ndílleachtlann i mbaile beag i Sasana, cuirtear Oliver óg ag obair faoi adhlacóir. Fulaingíonn Oliver drochíde ansin ó bhean an adhlacóra agus ó phríntíseach atá ag obair ann. Tar éis bhabhta bullaíochta, éalaíonn sé agus cuireann sé aghaidh ar Londain. Tá sé beagnach sáraithe ag an ocras agus ag an tuirse nuair a thugann leaid eile cúnamh agus cairdeas dó. Tugann sé Oliver isteach sa teach ina bhfuil sé féin agus roinnt gasúr óg eile ina gcónaí ann. Drong gadaithe atá iontu, rud nach dtuigeann Oliver ar dtús. Seanbhithiúnach darb ainm Fagin a dhíríonn gadaíocht na ngasúr.

 
Clúdach Oliver Twist ó eagrán a foilsíodh sa bhliain 1846