Owain Owain
Scríbhneoir gearrscéalta agus file Breatnach ab ea Owain Owain (11 Nollaig, 1929 - Nollaig, 1993). Ceann de bhunaitheoirí Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumainn na Breatnaise) ab ea é. Bhunaigh sé an iris Tafod y Ddraig (Teanga an Dragain) a bhí mar phríomh-ghuth ag Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumainn na Breatnaise) óna mbreith sna 1960í go dtí an lá atá inniu ann agus bhí sé ina chéad eagarthóir uirthi. Ba pholaiteoir freisin é Owain a shainmhínigh an teanga agus an troid ar son na teangan i gcomhthéacs domhanda. Chruthaigh sé an choincheap go raibh 'maoin na héagsúlachta' (Cyfoeth yr Amrywiaeth) sa Bhreatnais agus scríobh sé go forleathan faoi ilghnéitheachta na teangan agus agus in aghaidh an 'mhúnla liath' (y llwydni llwyd) agus na 'Íomhá Móire' (Ddelwedd Fawr).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Nollaig 1929 Pwllheli, Wales |
Bás | 19 Nollaig 1993 64 bliana d'aois Caernarfon, Wales |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Bangor |
Gníomhaíocht | |
Gairm | eolaí núicléach, scríbhneoir, oideoir, file |
Seánra | Ficsean eolaíochta |
Teangacha | An Bhreatnais |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Páiste | Robin Llwyd ab Owain |
Thug sé foirm agus cruth do cathanna an Chumainn Teanga trí a chuid scríbhneoireachta agus a chuid litreacha agus i gcleachtas trí choincheap 'na gceall' (gelloedd) a chruthú - atá fós mar bhunchloch an Chumainn. Ba údar é de 14 leabhar lena n-áirítear ailt, úrscéalta, gearrscéalta, dánta agus mar sin de, amhail 'Y Dydd Olaf', 'Amryw Ddarnau', 'Bara Brith'; agus tá dá den a chuid leabhar ar an ngréasán domhanda ó 2000.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |