Pádraig Ó Baoighill
Scríbhneoir Gaeilge ó Thír Chonaill ba ea Pádraig Ó Baoighill (15 Samhain 1932 - 21 Meitheamh 2024).[1] Beathaisnéisí, iriseoir, staraí, gearrscéalaí agus scríbhneoir scripteanna raidió a bhí ann, agus fear láidir Gaeltachta, chomh maith.[2][3][4][5]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Samhain 1932 Rann na Feirste, Éire |
Bás | 21 Meitheamh 2024 91 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Beatha
cuir in eagarI Rann na Feirste a rugadh agus a tógadh Pádraig Ó Baoighill – Padaí Tharlaigh Phadaí – ach chaith sé cuid mhaith dá shaol ina dhiaidh sin idir Baile Átha Cliath, Ard Mhacha agus Muineachán.
Ba le Gael Linn a chaith sé bunús a shaol oibre. Ba le linn dó a bheith ag obair le Gael Linn idir 1953-1954 a thosaigh sé ag scríobh do Comhar. Thart ar an am céanna, agus é ag imirt peile d'fhoireann Ciceam i mBaile Átha Cliath, chuaigh sé ag scríobh do na hirisí Gaelic Weekly, Gaelic Sport agus Hogan Stand. Ina dhiaidh sin, agus é ag obair do Ghael Linn i gCúige Uladh idir 1954-1970, chuir sé ailt Ghaeilge ar fáil ar feadh seacht mbliana do nuachtán an Irish News agus bhíodh sé ag scríobh go rialta don iris An tUltach chomh maith.[2]
Nuair a d'éirigh Pádraig as a phost mar Bhainisteoir Margaíochta le Gael Linn i 1992, chrom sé ar an scríbhneoireacht lánaimseartha agus foilsíodh a chéad leabhar gearrscéalta An Coileach Troda (Coiscéim) an bhliain dar gcionn.
Rinne sé an clár Dúchas maidir le cainteoirí Gaeilge i gceantair bhreac-Ghaeltachta faoi choinne Raidió na Gaeltachta (2000 agus 2018).
In 2005, bhronn Ollscoil Uladh dochtúireacht oinigh air as a chuid oibre ar son na Gaeilge mar scríbhneoir agus mar ghníomhaí.[6]
Fuair Pádraig Ó Baoighill bás in Otharlann Chontae an Chabháin ar an 21 Meitheamh 2024, agus in aois 91 dó. Baintreach fir ab ea Pádraig Ó Baoighill. Maireann seisear dá sheachtar clainne agus clann a chlainne.[2][1]
Foilseacháin
cuir in eagarScríobh Pádraig Ó Baoighill thart ar 25 leabhar ( a bhformhór foilsithe ag Coiscéim) i gcaitheamh a shaoil, gan trácht ar an iliomad colún iriseoireachta.
- An Coileach Troda agus scéalta eile, 1993 (Coiscéim). Díolaim ghearrscéalta atá ann, ag tabhairt cur síos ar an saol timpeall na Teorann.
- Óglach na Rosann, 1994. Beathaisnéis é seo ar Niall "Pluincéad" Ó Baoill, laoch Poblachtánach ó bhólaí dúchais an scríbhneora, agus cuid mhaith seanchais áitiúil agus stairiúil léi. Go háirithe, tá go leor eolais ar fáil sa leabhar seo faoin bpáirt a bhí ag Seosamh Mac Grianna agus Séamus Ó Grianna in imeachtaí an Chogaidh Chathartha.
- Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Finne, 1994. Leabhrán beag ina dtugann Pádraig cuntas ar theaghlach mór fidléireachta ó Lár Thír Chonaill.
- Nally as Maigh Eo, 1998 (Coiscéim). Beathaisnéis an Fhínín cháiliúil as Balla, Co Mhaigh Eo, Fíníneach a ghlac páirt i mbunú Chumann Lúthchleas Gael. Ní raibh fad saoil i ndán do Nally, nó nuair a ghearr na Sasanaigh téarma príosúnachta. air, níor cheadaigh a dhrochshláinte dó an téarma sin a chríochnú ina bheo. Mar sin féin, maireann a chuimhne ina measc siúd a chleachtann na cluichí Gaelacha. Tá ardán i bPáirc an Chrócaigh ainmnithe as.
- Ó Ghleann go Fánaid, 2000 agus 2008 (Coiscéim).[7] Leabhar taistil ar Chontae Dhún na nGall. Tugann an scríbhneoir léargas beoga ar shaol na ndaoine ina chontae dúchais, ar iarsmaí na laethanta a bhí agus ar staid na Gaeilge in áiteanna éagsúla.
- Amhrán Hiúdaí Fheilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste, 2001.
- Srathóg Feamnaí agus Scéalta Eile, 2001. Díolaim gearrscéalta is ea an leabhar seo, agus na scéalta ag cardáil shaol mhuintir Thír Chonaill sa bhaile agus i gcéin - is é sin, in Albain.
- Ceann Tìre/Earraghàidheal. Ár gComharsanaigh Ghaelacha, 2003. Leabhar taistil, ag cardáil saol Gharbhchríocha na hAlban.
- Gasúr Beag Bhaile na gCreach, 2004. Úrscéal gairid faoi bhuachaill beag a bhfuil an t-alcólachas ag luí ar a mhuintir, agus cur síos dúisitheach ann ar an dóigh a dtéann an fhadhb seo i bhfeidhm ar an stócach óg.
- Faoi Scáth na Mucaise, 2005. Díolaim scéalta béaloidis atá ann, agus iad bailithe ar imeall na Gaeltachta i dTír Chonaill.
- Ó Cadhain i dTír Chonaill 2007 (Coiscéim).[8] Cnuasach béaloidis é seo. B'é Máirtín Ó Cadhain féin a bhailigh é. Tá dlúthdhioscaí fuaime ag dul leis an leabhar le cuidiú leis an bhfoghlaimeoir blas ceart na canúna a tharraingt air féin.
- Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin, le Séamas Mac Amhlaoibh, 2010 (Coiscéim).[9]
- File Náisiúnta na hAlban – Rabbie Burns: An Nasc le hÉirinn, 2015 (Coiscéim).[10] Thug Pádraig Ó Baoighill faoi mhórán taighde in Albain ar Robbie Burns.
- Conradh na Gaeilge i nAlbain agus Aistí Eile, 2017 (Coiscéim).[11]
- An Capall Dubh agus Scéalta Eile, 2018 (Coiscéim), an saothar cruthaitheach ba dhéanaí ó pheann Phádraig.[12]
- Mian na Saoirse, 2022 (Coiscéim).[13]
- Niall Mhícheáil - Seanchaí as Rann na Feirste,[14][15] 2023 (Coiscéim). An saothar deireanach dá chuid ar a bhaile dhúchais i Rann na Feirste – fiontar ar thug sé faoi i gcomhar le Mícheál Ó Domhnaill ar bheatha dhuine de sheanchaithe móra an cheantair sin, Niall Mhícheáil Ó Dubhthaigh.Faigheann muid léargas ar leith ar an chineál saoil a bhí ag duine dár muintir a chuaigh i mbun oibre thall i nAlbain san aois seo chaite idir na blianta 1914 go 1970. Tá altanna anseo a bhaineann leis an tréimhse sin a bhí i gcló san iris An tUltach sa bhliain 1994 móide neart sean grianghrafanna.[14]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Death Notice of Pádraig Ó Baoighill (Monaghan Town, Monaghan) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Ailbhe Ó Monacháin / Nuacht RTÉ (2024-06-21). "An scríbhneoir as Dún na nGall Pádraig Ó Baoighill tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ "ÚDAIR NA nALT" (2011). Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society 23 (2): ix–xiii. ISSN 0488-0196.
- ↑ "New President of Historical Society" (en). www.donegallive.ie (2012-03-20). Dáta rochtana: 2024-06-21.
- ↑ cnicliam96 ar Youtube (2020-12-03). "Agallamh le Pádraig Ó Baoighill".
- ↑ Michelle NicPhaidin (2023-06-30). "Author Pádraig Ó Baoighill recognised for his unwavering work" (en). www.donegallive.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
- ↑ "Gaeltacht Thír Chonaill Ó Ghleann go Fánaid Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
- ↑ "Mairtín Ó Cadhain i dTír Chonaill le Padraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
- ↑ "Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin Séamas Mac Amhlaoibh Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
- ↑ "Rabbie Burns le Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
- ↑ "Conradh na Gaeilge i nAlbain agus Aistí Eile le Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
- ↑ "An Capall Dubh le Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
- ↑ "Mian na Saoirse le Pádraig Ó Baoighill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
- ↑ 14.0 14.1 "Coiscéim 2023 Leabhair Gaeilge Gaelic Book Publishing". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.
- ↑ "Niall Mhícheáil - Seanchaí as Rann na Feirste le Pádraig Ó Baoighill & Mícheál Ó Domhnaill". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2024-06-21.