Páirtí Náisiúnta Corparáidíoch

Páirtí polaitiúil faisisteach Éireannach ab ea an Páirtí Náisiúnta Corparáidíoch, páirtí polaitiúil a bhunaigh Eoin Ó Dufaigh i mí Meitheamh 1935, naoi mhí tar éis dó éirí as mar cheannaire Fhine Gael.

An aidhm a bhí ag an bPáirtí Náisiúnta Corparáidíoch ná stát corparáidíoch a chur ar bun in Éirinn agus bhí an páirtí go mór in éadan an chumannachais freisin. Bhí eite míleata ag an bpáirtí darbh ainm na Léinte Glasa. Níor mhair an páirtí ach go 1937.

Tagairtí cuir in eagar