Pól Ó hUiginn
Bhí an tOllamh Pól Ó hUiginn nó Paul O'Higgins (5 Deireadh Fómhair 1927 – 13 Márta 2008) ar na scoláirí dlí Éireannacha de chuid an fichiú haois is mó a bhfuil clú orthu.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Deireadh Fómhair 1927 |
Bás | 13 Márta 2008 80 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Coláiste Iognáid |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Dlí bunreachtúil, cearta daonna, dlí an tsaothair, dlí riaracháin, public international law (en) agus slándáil shóisialta |
Gairm | acadóir, saineolaí dlí, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Coláiste an Rí, Londain |
Teangacha | Béarla |
Saol
cuir in eagarMar chéimí de chuid na Scoile Dlí, Coláiste na Tríonóide, rinne an tUiginneach tráchtas PhD clúiteach i nDámh an Dlí, Ollscoil Cambridge ina dhiaidh sin. Bhí sé ag teagasc in Cambridge, i gTCD (áit a raibh sé ina Ollamh Regius, 1984-1987) agus sa Scoil Dlí, Coláiste an Rí Londain,[2] 1987-1992. Tar éis dó dul ar scor, chuaigh sé ar ais go Cambridge, áit a raibh sé ina Leas-Mháistir ar Choláiste Chríost.
Bhí an tUiginneach go mór i bhfách leis an eite chlé, agus scríobh sé an leabhar Censorship in Britain, sa bhliain 1972 agus na Trioblóidí faoi lán seoil.[3]
Chomh maith le bheith ina acadóir an-mheasúil i réimsí an dlí shaothair, an dlí slándála sóisialaí agus na saoirsí sibhialta, rinne an tOllamh Ó hUiginn obair mhór ar son staidéar ar dhlí na hÉireann, go mór mór trí leabharliosta na dtréimhseachán a bhaineann le dlí na hÉireann a chur le chéile (A Bibliography of Periodical Literature relating to Irish Law, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1966).[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Scoil Dlí, COBÁC (2017). "Paul O'Higgins" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-03-13.
- ↑ scoil Dickson Poon (mar a athainmníodh í ina dhiaidh sin)
- ↑ Paul O'Higgins (1972). "Censorship In Britain". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2021-03-13.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |