Páirtí Neamhspleáchais na Ríochta Aontaithe

páirtí polaitíochta sa Bhreatain
(Athsheolta ó PNRA)

Páirtí Neamhspleáchas na Ríochta AontaithePNRA (Béarla: United Kingdom Independence PartyUKIP) ar cheann de na páirtithe polaitiúla sa Ríocht Aontaithe. Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1993, tar éis gur shínigh rialtas na Ríochta Aontaithe Conradh Maastricht, chun glao ar son imeachta na Ríochta Aontaithe amach as an Aontas Eorpach. Go láithreach, níl suíomh ar bith acu i bParlaimint na Ríochta Aontaithe, ach dá ainneoin sin is iadsan atá go láithreach ar an gceathrú páirtí is mó roghnaithe i bpobalbhreitheanna olltoghcháin.[1] Go ginearálta, glacann an páirtí seasamh eite dheise ar cheisteanna eacnamaíochta agus sóisialta.

Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí Neamhspleáchais na Ríochta Aontaithe
(en) United Kingdom Independence Party Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrUKIP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaEoraisceipteach
coimeádachas náisiúnta
náisiúnachas Briotanach
pobalachas ar an eite dheas
right-wing antiglobalism (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaeite dheis Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh3 Meán Fómhair 1993
Bunaitheoir(í)Alan Sked Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deAlliance for Direct Democracy in Europe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht23,600 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtNigel Farage (1998–2000) Cuir in eagar ar Wikidata
ÓgeagraíochtYoung Independence (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinukip.org Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: ukip X: UKIP Cuir in eagar ar Wikidata
Nigel Farage, ceannaire an pháirtí i dtráth an reifrinn Bhreatimeachta

Tacaíonn an páirtí anois le Breatimeacht 'crua', agus go mbeadh níos lú inimirce isteach sa Ríocht Aontaithe. D'imir an páirtí ról tábhachtach i socrú Pháirtí Coimeádach na Ríochta Aontaithe sa bhliain 2013 reifreann ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach a ghealladh dá mbuafaidís an chéad olltoghchán eile, agus rinne siad feachtas ar son 'imeacht' sa reifreann seo.

Paul Nuttall, ceannaire tráthúil, agus Paul Oakley, iarrthóir do Pharlaimintcheantar Clacton, ag déanamh feachtais in Olltoghchán 2017

I Mí na Nollag 2018, d'imigh iarcheannaire Nigel Farage den pháirtí, agus é ag scríobh sa nuachtán The Telegraph "nach é UKIP an páirtí Breatimeachta ar gá linn é", agus é ag cáineadh an pháirtí as a bheith frithioslamach agus róghafa le Tommy Robinson, duine mór ar an eite an-deis i Sasana.[2][3][4]. I Mí Eanáir 2019, cuireadh páirtí nua, an Brexit Party, ar bun, a bhfuil Farage ina cheannaire air, agus thit sciar vótaí UKIP i bpobalbhreitheanna go mór ina dhiaidh sin. In Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, ní fhuair an páirtí ach 0.1% de na vótaí, titim de 1.8% ó Olltoghchán 2017.

Féach Freisin

cuir in eagar
  1. Anthony Wells. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-17. Dáta rochtana: 2018-10-22.
  2. Nigel Farage (2018-12-04). "With a heavy heart, I am leaving Ukip. It is not the Brexit party our nation so badly needs" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2019-05-08.
  3. "Le partisan du Brexit Nigel Farage quitte l'Ukip, son parti europhobe" (fr). Le Huffington Post (2018-12-04). Dáta rochtana: 2019-05-08.
  4. Peter Walker Political correspondent (2018-12-04). "Nigel Farage quits Ukip over its anti-Muslim 'fixation'" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-05-08.