Paddy Mhéime Ó Súilleabháin
scríbhneoir Éireannach
Is scríbhneoir Éireannach as Loch Con Aortha ó dhúchas é Paddy Mhéime Ó Súilleabháin (rugadh 1944). D'fhoilsigh Coiscéim cúpla leabhar filíochta dá chuid agus, sa bhliain 2018, leabhar cuimhní cinn (Seachrán Deoraí) ina ndéanann sé cur síos ar na tréimhsí a chaith sé thar lear, i Sasana, Albain, an Astráil, agus Alasca.[1] Tá roinnt duaiseanna scríbhneoireachta buaite aige, ó Oireachtas na Gaeilge, Oireachtas Cheanada, agus féilte éagsúla i gConamara.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1944 79/80 bliana d'aois Loch Conaortha, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file |
Leabhair
cuir in eagar- Fuaim na Gaoithe Aniar, Coiscéim, 2017
- Seachrán Deoraí, Coiscéim, 2018
- Rianta Mhordáin, Coiscéim, 2019