Pagurus bernhardus
Is é Pagurus bernhardus an fhaocha gliomaigh is coitianta ar chóstaí an Atlantaigh san Eoraip. Tugtar an portán sligreach, an saighdiúir portáin, nó go simplí an fhaocha gliomaigh air.[1] Fásann a charapás suas le 3.5cm ar fad.[2] Faightear é i limistéir charraigeacha agus ghainmheacha araon, ó uiscí Artacha timpeall na hÍoslainne, Oileánra Svalbard, agus na Rúise, chomh fada ó dheas le deisceart na Portaingéile, ach ní fhaightear é sa Mheánmhuir. Is dramhóir uiliteach é P. bernhardus[3][4] a scroblálann splíonach,[5] agus atá in ann bia a fháil trí uisce a scagadh freisin, nuair is gá.[6]
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Malacostraca |
Ord | Decapoda |
Fine | Paguridae |
Géineas | Pagurus |
Speiceas | Pagurus bernhardus (Linnaeus, 1758) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Cancer bernhardus |
Úsáideann Pagurus bernhardus sliogáin de chuid roinnt speiceas gastrapód i gcomhair cosanta: Littorina littorea, Littorina obtusata, Nassarius reticulatus, Gibbula umbilicalis, Nucella lapillus, agus Buccinum san áireamh.[7][8] Sna codanna níos teo dá raon, is minic a fhaightear an bundún leice Calliactis parasitica ag fás ar an sliogán a bhfuil Pagurus bernhardus ina chónaí ann. In uiscí níos fuaire, is é Hormathia digitata a chomhlíonann an ról seo. Troideann faochain ghliomaigh le chéile faoi shliogáin ghastrapóid, agus is fearr leo sliogáin de chuid speiceas áirithe.[8]
Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an bhfaocha gliomaigh ina leabhar clúiteach Cladaí Chonamara:
“ |
Déanamh an ghliomaigh atá uirthi ach go bhfuil sí beag ar nós an ribe róibéis. Craiceann garbh atá uirthi i leaba sliogáin cé is moite de na hordóga agus de mhullach a cinn. Bíonn sí istigh i bhfaocha — nó i sliogán na faochan ba chirte dom a rá — ar feadh a saoil, á hiompar ar a droim ó áit go háit sna locháin ar fud an chladaigh, agus deirim leat gur maith an coisí í faoin ualach, freisin. Is minic go mbíonn farasbarr meáchain ar a cruit mar go bhfásann bairnigh bheaga agus feamainn uirthi tráth den bhliain, is é sin nuair a bhíos an fhaocha folamh tamall sula dté an tionónta nua i seilbh. Fásann feamainn, caonach, bairnigh agus bundúin ar shliogáin nó ar fhaochain nach mbíonn ag corraí, ar nós na gcloch, ach ní thagann aon chaonach ná eile ar an gcloch reatha. |
” |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Pagurus bernhardus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-02.
- ↑ E. Wilson (2007). “Hermit crab – Pagurus bernhardus”. Marine Life Information Network. Dáta rochtana: January 22, 2009.
- ↑ Ernst S. Reese (1969). "Behavioural adaptations of intertidal hermit crabs". American Zoologist 9 (2): 343–355. doi: . JSTOR 3881807.
- ↑ J. H. Orton (1927). "On the mode of feeding of the hermit crab Eupagurus bernhardus and some other decapods". Journal of the Marine Biological Association of the United Kingdom 14 (4): 909–921. doi: .
- ↑ M. E. Laidre & R. W. Elwood (2008). "Motivation matters: cheliped extension displays in the hermit crab, Pagurus bernhardus, are honest signals of hunger". Animal Behaviour 75 (6): 2041–2047. doi: .
- ↑ S. A. Gerlach, D. K. Ekstrøm and P. B. Eckardt (1976). "Filter feeding in the hermit crab, Pagurus bernhardus". Oecologia 24 (3): 257–264. doi: . JSTOR 4215284.
- ↑ “Common hermit crab (Pagurus bernhardus)”. ARKive. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-10-07. Dáta rochtana: January 22, 2009.
- ↑ 8.0 8.1 Brian A. Hazlett (1967). "Interspecific shell fighting between Pagurus bernhardus and Pagurus cuanensis (Decapoda, Paguridea)". Sarsia 29 (1): 215–220. doi: .