Comharsanacht faiseanta i dtuaisceart Brooklyn ag críochantacht le Prospect Park is ea Park Slope. Tógadh a lán de na tithe in Park Slope san 19ú hAois le buntáiste a bhaint as an radharc ó Dhroim Gowanus ar Chuan agus ar Chathair Nua-Eabhrac ó thuaidh agus ar an bpáirc ó dheas. Fuair an daonáireamh sa bhliain 1890 gurbh é Park Slope an pobal ba rachmasaí sna Stáit Aontaithe. Tháinig meath ar an gcomharsanacht sna 1950idí agus 1960idí, ach tháinig rath uirthi arís ag tosnú thart ar an bhliain 1980. Tá stádas mar cheantar stairiúil bainte amach ag cuid mhaith den chomharsanacht. Bhí 65,047 duine ina gcónaí in Park Slope sa bhliain 2010.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Park Slope, Brooklyn
Íomhá
Sonraí
CineálComharsanacht agus baile aerach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBrooklyn, New York
Map
 40°40′21″N 73°58′37″W / 40.672404°N 73.977063°W / 40.672404; -73.977063