Patrick MacGill
Ba fhile agus úrscéalaí Éireannach é Patrick MacGill (24 Nollaig 1889–Samhain 1963), agus aithne air mar "The Navvy Poet", toisc go raibh sé ag obair mar spailpín roimh dul i mbun na scríobhneoireachta dó.
Patrick MacGill | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Nollaig 24, 1889 |
Bás | Samhain 1963 |
Oideachas | |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | iriseoir agus file |
Seirbhís mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Throid sé/sí ag | An Chéad Chogadh Domhanda |
Rugadh Patrick, an duine ba shine de theaghlach aon duine déag feirmeora bhig, ar na Gleannta i dTír Chonaill.
Níor chaith sé féin ach trí bliana ar scoil. Chuaigh sé "chun a' Lagáin" is é dhá bhliain déag d'aois áit ar fhostaigh feirmeoir as Tír Eoghain é. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh sé go hAlbain mar oibrí prátaí - "olc go leor d'fhir ach marfach do mhná" mar a scríobh sé. Nuair a bhí se ag sclábhaíocht, bhí se ag léamh agus ag scríobh.
Sa bhliain 1910, foilsíodh "Gleanings from a Navvy's Scrapbook", leabhar ina raibh chan amháin amhráin agus filíocht ach aistriúcháin ar shaothar La Fontaine agus Goethe.
B'éigin dó féin na costais foilseacháin a dhíol, ar nós mangaire, ó dhíol go doras i mbaile Grianaig (Greenock sa Bhéarla) ar thaobh Abhainn Chluaidh ( Clyde side sa Bhéarla) mar sin féin, ba sin an saothar a tharraing clú air mar an 'Navvy Poet'.