Paul Gascoigne
Deirtear go raibh Paul Gasgoigne, nó Gazza mar a thugtar air, (a rugadh ar an 27 Bealtaine 1967 in oirthuaisceart Shasana) ar dhuine de na himreoirí sacair ab fhearr dá ghlúin. Imreoir lár páirce an-tréitheach a bhí ann, a chuir tús lena ghairm leis a chumann áitiúil Newcastle United sa bhliain 1985, sular chaith sé tréimhsí le clubanna móra eile ar nós Tottenham, Lazio, Rangers, Middlesbrough agus Everton. D’imir sé le foireann idirnáisiúnta Shasana chomh maith idir na blianta 1988 agus 1998, agus cuimhnítear an sárthaispeántas a chuir sé isteach sa Chorn Domhanda na bliana 1990 go háirithe. Ina chluiche deireanach sa chomórtas, rinne sé feall ar imreoir eile agus bronnadh cárta buí eile air, rud a chuirfeadh é amach as an chéad chluiche eile. Thosaigh Gascoigne ag gol go hoscailte amuigh ar an bpáirc imeartha, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana sa bhaile. Tar éis a chuid éachtaí sa Chorn, bhí cáil domhanda bainte amach aige, agus stádas mar dhuine de laochra nua-aimseartha an chluiche.
Paul Gascoigne | ||
---|---|---|
Eolas pearsanta | ||
Dáta breithe | 27 Bealtaine 1967 | |
Áit breithe | Dunston, Gateshead, Sasana | |
Leasainm | Gazza | |
Foirne mar imreoir | ||
1985–1988 1988–1992 1992–1995 1995–1998 1998–2000 2000–2002 2002 2003 2004 1988–1998 |
Newcastle United Tottenham Hotspur Lazio Rangers Middlesbrough Everton Burnley Gansa Tianma Boston United Sasana | |
Foirne mar bhainisteoir | ||
2005 | Kettering Town | |
Tharraing Gascoigne an-chuid chonspóid ag an am céanna, ar an bpáirc imeartha ar dtús agus ansin taobh amuigh den chluiche. Bhí fadhbanna tromchúiseacha aige le leis an ól agus le drugaí, agus fadhbanna intinne a thiocfadh chun solais ní ba dhéanaí. Chuir na deacrachtaí ina shaol pearsanta go mór isteach ar a ghairmréim imreora, agus srian leanúnach ar an méid a bhí sé ábalta a dhéanamh mar imreoir. Nuair a d’éirigh Gascoigne as an gcluiche mar imreoir, thóg sé post sealadach le Kettering Town sa bhliain 2005 mar bhainisteoir orthu. Agus é saor ón imirt, thosaigh a chuid fadhbanna ag dul in olcas go dtí gur cuireadh faoi ghlas san ospidéal é ar an 21 Feabhra 2008, tar éis eachtra in óstán abhaile i Newcastle. Chuaigh sé isteach i gclinic chun athshlánú a dhéanamh, agus tháinig sé réasúnta slán as ag deireadh na bliana 2008.

Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.