Paul Theroux
Scríbhneoir taistil agus úrscéalaí Meiriceánach is ea Paul Edward Theroux, a rugadh ar 10 Aibreán 1941 i Medford, Massachusetts. Leabhar taistil leis, The Great Railway Bazaar, a thabhaigh aitheantas dó sa bhliain 1975. Tá a bheirt mhac, Marcel agus Louis, ina scríbhneoirí freisin, chomh maith le bheith ina léiritheoirí agus láithreoirí teilifíse sa Bhreatain Mhór. Tá beirt dheartháireacha ina scríbhneoirí, mar atá Alex agus Peter Theroux. Nia leis an t-aisteoir Meiriceánach Justin Theroux.
Paul Theroux | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Guth | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | Medford, 10 Aibreán 1941 (81 bliain d’aois) | ||
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
Muintir | |||
Athair | Albert Eugene Theroux | ||
Máthair | Anne Dittami | ||
Páistí | liosta iomláin
| ||
Siblíní | liosta iomláin
| ||
Oideachas | |||
Alma mater | Ollscoil Massachusetts, Amherst Medford High School (en) ![]() | ||
Teangacha | an Béarla | ||
Gairm | |||
Gairm | scríbhneoir ábhar taistil, úrscéalaí, léirmheastóir liteartha, ollamh agus international forum participant (en) ![]() | ||
Rannpháirtí | |||
Fostóirí | Ollscoil Náisiúnta Shingeapór | ||
Duaiseanna | |||
Daoine le tionchar air/uirthi | Graham Greene agus Henry James | ||
Ballraíocht | Acadamh Ealaíon agus Litríochta Mheiriceá Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá Peace Corps | ||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||
IMDb | nm0857623 | ||
Discogs ID | 2256711 |
Tógadh Paul in Massachusetts. Caitlicigh ab ea a mhuintir. Ceanadach Francach a bhí ina athair agus ba de shliocht Iodálach í a mháthair. Eagle scout a bhí in Paul nuair a bhí sé óg. Bhain sé céim baitsiléara amach sa Bhéarla in Ollscoil Massachusetts.
Chaith Paul tamall sa Peace Corps, ag múineadh sa Mhaláiv san Afraic Thoir. I ndiaidh dó a bheith ruaigthe den tír úd, fuair sé post mar mhúinteoir ag Ollscoil Makerere in Uganda. Thosaigh sé ag foilsiú scéalta san irisleabhar Transition sa tréimhse sin. Ina dhiaidh sin, chuir sé faoi in Ollscoil Náisiúnta Singapore. Faoi dheireadh agus an bheirt mhac saolaithe cheana acu, chuir Paul agus a bhean chéile, Anne Castle, aghaidh ar a tír dhúchais sise, Sasana. In Dorset agus i Londain a chónaigh siad. D'fhan Paul agus Anne le chéile ó 1967 go 1993.
D'éirigh Paul Theroux mór le V. S. Naipaul, scríbhneoir as an Tríonóid agus Tobága a bhí ina chónaí i Sasana freisin agus rinne tionchar ar Theroux. D'éirigh eatarthu ní ba dhéanaí. Inniu, tá cónaí ar Paul Theroux ar Maui, oileán i Haváí agus caitheann sé cuid den bhliain in Cape Cod, in Massachusetts.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |